Vocabulary-building Activities and Games (Irish version) - Flipbook - Page 1
Cuir
Fáilte
roimh Theangacha
languagesconnect.ie
Modúl Samplach Teanga do Bhunscoileanna:
Modúl Samplach Teanga do Bhunscoileanna: gníomhaíochtaí chun cur le stór focal
agus cluichí don seomra ranga Nuatheangacha Iasachta agus Teanga
Chomharthaíochta na hÉireann
Tá a lán gníomhaíochtaí agus cluichí ar fáil chun stór focal a fhoghlaim ar bhealach spraíúil in aon teanga. Tá
réimse gníomhaíochtaí curtha san áireamh againn anseo, agus oibreoidh an chuid is mó acu do theangacha
labhartha agus comharthaíochta araon, agus tá siad oiriúnach do pháistí atá ag tosú. Tá fáilte romhat aon
ghníomhaíocht is mian leat a leasú chun freastal ar an gcomhthéacs ina mbeidh tú ag teagasc an mhodúil.
Rásaí Stór Focal
• Roinn an rang ina dhá fhoireann nó níos mó. Iarr ar pháistí líne a dhéanamh os comhair an chláir.
• Bíodh luaschártaí agat, nó taispeáin PowerPoint le híomhánna ar an gclár.
• Glaoigh amach nó déan comharthaíocht ar fhocal.
• Ritheann an páiste atá sa chéad áit sa líne chuig an gclár agus cuireann sé/sí méar ar an íomhá atá i gceist.
• Ansin, téann an páiste sin go cúl na líne agus leanann an cluiche.
• Leagan eile: Má tá cainteoir dúchais nó úsáideoir TCÉ i do rang, iarr orthu na focail a ghlaoch amach nó comharthaíocht a
dhéanamh orthu.
Cad atá in easnamh?
• Greamaigh luaschártaí den chlár agus iarr ar na páistí cuimhneamh orthu.
• Iarr ar pháistí a súile a dhúnadh agus bain luaschárta amháin.
• Iarr orthu na súile a oscailt agus fiafraigh díobh: Cad atá in easnamh?
• Glaonn páistí amach an luaschárta atá ar iarraidh, nó déanann siad comharthaíocht air.
• Is féidir an cluiche seo a imirt i bhfoirne nó ina n-aonar, nó ó chur i láthair PowerPoint nó eile
• Chun é a dhéanamh níos dúshlánaí, bain dhá chárta nó níos mó ag an am céanna
Luaschártaí Dofheicth
• Greamaigh naoi luaschárta den chlár agus tarraing greille thart orthu.
• Úsáid peann nó slat chun na naoi bhfocal a rá arís agus arís eile. Dírigh ar an luaschárta atá á gcleachtadh agat gach uair.
• De réir a chéile, bain na luaschártaí den chlár, ach lean ort ag díriú ar an ngreille áit a mbíodh an luaschárta. Claon do
cheann agus spreag na páistí chun an focal, a bhí ar an luaschárta, a rá nó comharthaíocht a dhéanamh air.
• Ba chóir go gcuimhneodh páistí agus ba chóir dóibh leanúint ar aghaidh amhail is dá mbeadh na luaschártaí ann go fóill.
• Tarraingíonn sé seo aird ar thábhacht na n-áiseanna amhairc. Léiríonn sé go bhfanann na híomhánna in intinn na bpáistí.
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag