CuirFáilteroimh Theangachalanguagesconnect.ieModúl Samplach Teanga do Bhunscoileanna: gníomhaíochtaí chun cur le stór focal agus cluichí donseomra ranga Nuatheangacha Iasachta agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireannTomhais Cad atá Agam• Taispeáin sraith luaschártaí do na páistí ar fad agus glaoigh amach iad, nó déan comharthaíocht orthu, in éineacht leis anrang.• Tabhair cárta do gach páiste.• Ba chóir do pháistí a rá le chéile: ‘Tomhais cad atá agam’ agus má tá an páirtí ranga mícheart, coinníonn an páiste an cárta.Má tá an ceart ag an bpáirtí ranga, tógann sé/sí an cárta.Abairt an-fhad• Níl anseo ach leagan eile den chluiche cáiliúil ‘Chuaigh mé chuig an margadh agus cheannaigh mé…’.• Agus tú ag dul thart ar an rang, deir gach páiste an bhunabairt agus cuireann sé/sí focal amháin léi.• Is féidir leat a iarraidh orthu an focal, nó an dá fhocal dheireanacha a tugadh a rá freisin agus a gceann féin a chur leo, chuné a dhéanamh níos éasca.Biongó• Ullmhaigh cártaí le 6-8 n-íomhá nó uimhreacha 1-12. Ba chóir go mbeadh roinnt íomhánna mar an gcéanna ar na cártaíagus roinnt díobh éagsúil.• Imir Biongó. Marcálann páistí na híomhánna ar a gcárta de réir mar a ghlaonn an múinteoir amach iad, nó mar a dhéanannsé/sí comharthaíocht orthu.• Is féidir iarraidh ar pháiste a bheith ina ghlaoiteoir.Caith an Dísle• Roghnaigh 6 chárta a bhfuil pictiúr ón stór focal orthu agus cuir ar an gclár bán le maighnéid iad.• Cuir uimhir ar gach cárta 1-6, agus scríobh na huimhreacha os cionn na gcártaí le marcóir clár bán.• Roinn an rang ina dhá fhoireann.• Tabhair dísle do pháiste le caitheamh, é mór go leor le feiceáil go héasca. Féachann an rang ar fad chun an uimhir athagann suas a fheiceáil. Glaonn páistí an cárta ón stór focal amach (nó déanann comharthaíocht air) agus gnóthaíonn anchéad pháiste a fhaigheann i gceart é pointe don fhoireann.• Mura bhfuil an cárta ar eolas ag aon duine, cuir i láthair arís é agus iarr ar pháistí é a athrá. Caithfidh siad iarracht adhéanamh cuimhneamh air ionas go mbeidh ar a gcumas é a fháil i gceart an chéad uair eile.• Is féidir é seo a imirt le huimhreacha amháin, trí iarraidh ar gach páiste an uimhir a chaitheann siad ar an dísle a ghlaochamach nó comharthaíocht a dhéanamh air.Curtha ar fáil agTacaithe ag
It seems that your browser's pop-up blocker has prevented us from opening a new window/tab. Please click the button below to open the link manually.