Toolkit Pages IRISH for Paperturn - Flipbook - Page 5
Noda don Lá/Oíche Oscailte
Má úsáidtear
gléasanna digiteacha
mar uirlis foghlama i do
scoil, smaoinigh faoi
iad a úsáid.
Taispeáin obair na scoláirí
ar na ballaí. Seo roinnt samplaí de
ghníomhaíochtaí a théann i bhfeidhm ar an
tsúil: callagrafaíocht, póstaer 'fógra cuardaigh',
bianna a bhfuil tóir orthu, eolas faoin teanga, áit
a labhraítear í, líon na ndaoine a labhraíonn í,
etc. D9fhéadfá iad seo a thabhairt mar
thionscnamh do na scoláirí. Déan cinnte
go bhfuil siad ar pháipéar A3,
nó bheadh cuma róbheag ar
aon rud níos lú.
Eagraigh go leor
gníomhaíochtaí chun
scoláirí a mhealladh. Cuir san
áireamh réimse gníomhaíochtaí
aonair agus gníomhaíochtaí
beirte/grúpa.
Má tá leabhair sa
sprioctheanga ag an
leabharlann, cuir
ar taispeáint
iad freisin.
Iarr ar roinnt scoláirí
cainteacha, díograiseacha
cabhrú mar ambasadóirí
teanga.
Téigh i gcomhairle leis an
múinteoir eacnamaíocht
bhaile agus iarr ar scoláirí
bia a ullmhú ó thíortha na
sprioctheangacha.
Coinnigh roinnt
samplaí d9obair na
scoláirí i bhollteán A2,
le húsáid an chéad
bhliain eile.
Seinn ceol ó
thíortha na
sprioctheangacha.
Iarr ar na scoláirí
físeán Flipgrid a ullmhú faoi na
cúiseanna a dtaitníonn sé leo an
teanga a fhoghlaim. (Eagraigh
iPad do chuairteoirí chun
féachaint ar na físeáin).
Téigh i dteagmháil
le hambasáidí nó le
hinstitiúidí cultúrtha,
chun póstaeir nó earraí
bolscaireachta
a iarraidh.
Socraigh cúinne
blaiseadh bia.
Eagraigh taispeántas
beo sleamhnán/powerpoint
le grianghraif d9imeachtaí
a bhaineann le NTI agus
d9obair na scoláirí.
Déan nóta ag deireadh
na hoíche de na rudaí ar
éirigh leo agus na rudaí ba mhaith
leat a athrú don bhliain dár
gcionn. Déanaimid dearmad go
héasca! Faigh aiseolas ó na
scoláirí a chabhraigh leat.
languagesconnect.ie