Toolkit Pages IRISH for Paperturn - Flipbook - Page 15
4L(2)
Ag an bpictiúrlann thar lear
Treoracha do mhúinteoirí
Is í aidhm na gníomhaíochta seo ná scoláirí a spreagadh ina mbeirteanna, chun teidil scannán a aithint i
dteanga iasachta, agus chun na teidil a mheaitseáil leis an bpóstaer (faoi iamh i bpóca cúil an fhillteáin seo) trí
fheasacht idirtheanga agus straitéisí tuisceana a úsáid.
Cuir forhalla na pictiúrlainne ar taispeáint ar bhalla nó ar thábla. Fótachóipeáil teidil na scannán do na
teangacha atá á dteagasc agat, nó do na teangacha ar fad, chun gníomhaíocht feasacht idirtheanga a
chruthú. Déanann na scoláirí iarracht teidil na scannán a chur faoi na póstaeir. Úsáid eochair na bhfreagraí
chun na freagraí a sheiceáil.
PICTIÚRLANN
Oifig na dTicéad
Grán rósta
Deochanna
Is máistirchóip í seo, coinnigh le do thoil, agus cuir ar ais
i bhfillteán Shraith Acmhainní Languages Connect í.
Ag an bpictiúrlann thar lear
languagesconnect.ie