PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 51
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Chomh maith leis sin:
•
I gcás daltaí ó chúlraí éagsúla teanga, seans go roghnóidh siad teanga bhaile carad a fhoghlaim (go minic mar
shocrú cómhalartach).
•
Seans go n-úsáidfidh daltaí aonair éagsúlacht modhanna chun teangacha nua a mhúineadh dóibh féin –
CDanna, leabhair chúrsa, tráth na gceist faoi theangacha, físeáin teanga, leabhair nótaí a choinneáil, agus araile.
•
Seans go gcruthóidh beirt daltaí nó níos mó páirtíocht foghlaim teanga.
Spreagadh daltaí chun feabhas a chur ar chumas a dteanga baile
Nuair a chuireann seantuismitheoirí nó baill eile teaghlaigh glao fóin nó nuair a théann daltaí ar cuairt chuig tír dhúchais
a dteaghlaigh, seans go dtuigfidh siad nach féidir leo labhairt chomh furasta agus ba mhaith leo ina dteanga bhaile.
Seans go spreagfaidh seo iad le héirí níos cumasaí ina dteanga bhaile, b’fhéidir má chleachtann siad le cainteoirí eile
na teanga i rith an tsosa. Ní bhaineann forbairt ilteangach le cumas an chainteora dúchais a bhaint amach láithreach
i dteanga an bhaile nó in aon teanga, ach le stór teangeolaíoch a bhaint amach de réir a chéile, stór ina bhfuil an teanga
bhaile agus teangacha múinte/breise comhtháite go hiomlán mar chuid de.
2.6 In áit conclúide
Cur chuige claochlaitheach amach is amach is ea an cur chuige ilteangach i leith múineadh agus foghlaim teangacha
a bhfuil cur síos déanta againn air sna treoirlínte seo. Seo mar a scríobh Fintan O’Toole faoinár gcuntas ar fhorbairt an
chur chuige agus ar a chur i bhfeidhm i Scoil Bhríde (Cailíní), Baile Bhlainséir: 31
Faoi dhromchla an tsaoil in Éirinn tá a lán teangacha ann, flúirse teangacha nach raibh riamh ann inár stair.
Agus seo an rud is gá dúinn a thuiscint – seo acmhainn iontach le haghaidh an chultúir dhúchais. Tá sé ag
athrú scáileán monachrómach focal go ceann a bhfuil teicnidhath iontach air.
In áit Túr Bháibil a chruthú agus is minic a bhíonn imní roimhe sin, rinne an polasaí seo na páistí níos fearr ag
foghlaim teangacha. Bhí siad ina n-acmhainn iontach dá chéile, agus léargais ag teacht óna ndomhain
theangeolaíocha féin. Samhlaigh seomra ranga ina bhfuil leathdhosaen páistí ag athinsint finscéal
Éireannach i leathdhosaen eile teangacha, ag aistriú, ag fiosrú, ag imirt le héagsúlacht infinideach focal. Nach
iontach an taithí oideachais é sin – cúrsa laethúil i dteangeolaíocht fheidhmeach á thabhairt do pháistí den
lucht oibre agus ba dheacair teacht ar chúrsa ar an ollscoil a d’fhreastalódh ar an méid sin.
Agus ceann de na teangacha is mó atá thuas leis an gcur chuige seo, rud atá go hiontach, is ea an Ghaeilge.
Páistí atá ar a suaimhneas go hilteangach, tá siad níos mó ar a suaimhneas leis an nGaeilge ná iad siúd atá
ina gcónaí i ndomhan aonteangach Béarla... “na teangacha eile sa seomra ranga cabhraíonn siad leo le
glacadh leis an nGaeilge mar mheán eile cumarsáide”.
31
32
32
David Little agus Déirdre Kirwan, Engaging with Linguistic Diversity: A Study of Educational Inclusion in an Irish Primary School, London: Bloomsbury
Academic 2019.
Fintan O’Toole. “Schools with immigrants producing tomorrow’s Irish speakers”, The Irish Times, 26 Samhain 2019.
PPLI delivering
Supported by
51