PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 50
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
2.5 Aontú foghlaim ilteangach
Nuair a chuirtear cur chuige ilteangach i bhfeidhm ag na céimeanna go léir den churaclam, smaoineoidh múinteoirí
ar a lán bealaí chun foghlaim teanga a aontú trasna na scoile. Seo ceithre shampla:
Idirghníomhaíocht idir-ranga
I gcás daltaí BTB ó ranganna sinsearacha (Rang 3 go 6), is féidir leo dul ar cuairt chuig ranganna sóisearacha agus
idirghníomhaíocht a dhéanamh le daltaí i nGaeilge agus ina dteangacha baile. Is féidir le daltaí sinsearacha amhráin a
mhúineadh do dhaltaí sóisearacha ina dteanga bhaile. Cabhraíonn na gníomhaíochtaí seo le daltaí sinsearacha chomh
maith le daltaí sóisearacha mar go n-aithníonn siad agus go ndeimhníonn siad a bhféiniúlacht theangeolaíoch agus
cuireann siad féinmhuinín chun cinn.
Léann na daltaí sinsearacha scéalta do na daltaí sóisearacha
I Rang a Cúig agus a Sé, seans go bhféachfaidh daltaí ar shíscéalta mar rudaí atá oiriúnach do pháistí níos óige. Ach, ag
an leibhéal seo má léann daltaí leaganacha Gaeilge de scéalta ar nós “Cochaillín Dearg” agus “Cinnín Óir agus na Trí
Bhéar” do naíonáin shóisearacha agus shinsearacha, is bealach maith é chun scileanna teanga gach duine a spreagadh.
Agus, is féidir le daltaí BTB scéalta a léamh ina dteanga bhaile do na naíonáin shóisearacha agus shinsearacha a bhfuil
an teanga bhaile chéanna acu; agus is féidir leo an ceacht céanna a dhéanamh lena bpáirtithe ranga, a dhéanann
iarracht na focail thábhachtacha agus na frásaí tábhachtacha a aithint agus a thuiscint.
“Dormi Jesu”
Dúirt múinteoir i Rang a Sé lena daltaí go raibh sí ag foghlaim carúl Laidineach ina cór áitiúil. Ba mhian léi a fháil amach
an bhféadfadh siad a bheith in ann a chiall a oibriú amach. Bhí a fhios ag dalta Rómánach go raibh baint ag carúil leis
an Nollaig, agus mhol sé go raibh fuaim an fhocail Crăciun, ina teanga féin, cosúil leis an bhfocal Béarla Christian, agus
gur féile chríostaí í an Nollaig. Dúirt daltaí eile gur chuir Noël na Fraincise Nollaig na Gaeilge i gcuimhne di. Ansin d’inis
an múinteoir ainm an charúil dóibh, “Dormi Jesu”, thaispeáin sí an téacs ar an gclár bán (Fíor 40) agus d’iarr sí ar na
daltaí éisteacht leis na focail go cúramach agus é á léamh. An méid a tharla ina dhiaidh sin, idirghníomhaíocht spreagúil
a bhí ann inar úsáid na páistí a saineolas
ilteangach le chéile chun ciall na bhfocal a
oibriú amach.
Foghlaim teanga neamhspleách
Fíor 40: “Dormi Jesu”: grianghraf de chlár bán agus daltaí ag iarraidh ciall an charúil
Laidinigh a oibriú amach
Bealach amháin chun foghlaim neamhspleách
a spreagadh is ea bosca teanga a chur sa rang
agus cuireann daltaí téacsanna de chineálacha
éagsúla isteach ann: oidis is fearr leo scríofa i
dteangacha éagsúla, scríbhneoireacht shaor i
dteangacha a roghnaíonn siad, próifílí
pearsanta, agus araile. Tugann sé deis do dhaltaí
scríobh sna teangacha a bhfuil eolas acu orthu
agus cuireann sé tacaíocht ar fáil do dhaltaí atá
ag foghlaim teanga atá á labhairt ag duine
amháin nó níos mó dá bpáirtithe ranga.
PPLI delivering
50
Supported by