PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 48
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
•
Is féidir le daltaí na teangacha go léir ina stór a úsáid i dtéacs singil, mar shampla, tuairisc ar chuairt ar mheánscoil
ar mhaith leo dul chuici. Is í an riail go gcaithfidh siad gach abairt a scríobh i dteanga éagsúil ón abairt atá roimpi
(Fíor 35).
Fíor 35: Tuairisc ar chuairt ar mheánscoil i nGaeilge, i dTagálaigis, i bhFraincis agus i mBéarla. Scríofa gan chabhair sa rang..
Is féidir le ceacht ar éadaí tarraingt ar na teangacha go léir sa rang. Cuireann daltaí liosta ilteangach d’éadaí agus de
choisbhearta le chéile, agus iad ag lorg na gcosúlachtaí agus na ndifríochtaí i bhfoghraíocht agus i litriú. Déanann siad
scrúdú ar dhifríochtaí cultúrtha freisin. Cuireann siad torthaí a gcuid oibre ar phóstaeir is féidir leo a úsáid mar phointe
tagartha d’obair amach anseo. (Fíor 36-38).
Fíor 37: “Balla teangacha” ar théamaí éadaí agus faisin, cruthaíodh é i bplé fíor-ama a threoraigh
an múinteoir
Fíor 36: Sliocht ón liosta focal a bhaineann le
héadaí
PPLI delivering
48
Supported by