PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 46
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Fíor 30: An aimsir sa Fhrainc i bhFraincis (an nuatheanga iasachta), i nGaeilge, i mBéarla agus i Rómánais (teanga bhaile)
•
Ceacht ar charúl Nollag nó ar iomann sa Laidin, e.g., Dormi Jesu,
Adeste Fideles, rud a thugann deis do dhaltaí tarraingt ar a nacmhainní teangeolaíocha go léir le teacht ar aistriúchán Béarla.
Seo gníomhaíocht thar a bheith spreagúil a dhéanann daltaí le
fonn; tugann sé misneach dóibh mar go dtuigeann siad má
oibríonn siad lena bpiaraí gur féidir leo teanga a thuiscint nár
fhoghlaim siad.
•
Nuachtán ranga le hailt (agus a n-aistriúcháin) i mBéarla, i
nGaeilge, sa nuatheanga iasachta, agus i dteangacha baile.
•
Póstaeir ilteangacha a chruthú ar éagsúlacht ábhar: ithe
sláintiúil, aclaíocht, in aghaidh tobac, athrú aeráide, oidis, am, etc.
(Fíor 32)
•
I gcás daltaí Éireannacha agus daltaí BTB, is féidir leo oibriú le
chéile chun leaganacha de scéalta béaloidis ó Éirinn agus óna
dtír dhúchais a dhéanamh in dhá theanga nó níos mó (Fíor 33).
•
Is féidir le daltaí clár ama a scríobh le haghaidh imeachtaí le linn
an lae scoile (Fíor 34).
Fíor 31: Cur síos a rinne dalta ar a teach i nGaeilge, i
bhFraincis (nuatheanga iasachta), i Mailéalaimis (teanga
bhaile), agus i mBéarla.
PPLI delivering
46
Supported by