PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 45
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
(“luch eitilte”) na Rúisise leis. Nocht tuilleadh scrúdaithe gur bhain ialtóga na hÉireann leis an bhfine Vespertilionidae
agus go gciallaíonn “Vespers” paidreacha an tráthóna i mBéarla, dá bharr sin, thuig na daltaí gur eitil ialtóga sa tráthnóna.
Is maith an smaoineamh é go mbeidh plé rialta ann faoi fhoghlaim teanga. I gcéim 4 seans go bhfaighidh na daltaí
tuairisc ghairid nuachtáin i dteanga nach bhfuil eolas acu uirthi, ach ar ábhar a bhfuil eolas acu air cheana féin, e.g.,
imeacht spóirt. Léann an múinteoir an tuairisc os ard agus scríobhann sí na focail agus na frásaí tábhachtacha ar an
gclár bán. Nuair a fhaigheann na daltaí amach gur féidir leo tarraingt ar na teangacha a bhfuil eolas acu orthu cheana
féin chun ciall na bhfocal nua agus na bhfrásaí nua a oibriú amach agus go dtuigeann siad ciall ghinearálta na tuairisce
dá bharr sin, éiríonn siad níos múiníní ina gcumas teangeolaíoch; meallann sé tuilleadh plé freisin ar cad atá i gceist le
foghlaim teanga nua.
Nuair a bhíonn dlúthcheangal idir dhá theanga bhaile, is féidir le cainteoirí na dteangacha sin rólimirt a dhéanamh
chun sin a thaispeáint. Is féidir le daltaí sinsearacha suirbhé a dhéanamh ar a bpáirtithe ranga le fáil amach, mar shampla,
cé acu roimh an ainmfhocal nó ina dhiaidh a bhíonn an aidiacht sna teangacha atá sa seomra ranga.
Forbairt litearthacht Ilteangach
I Rang a Cúig agus a Sé éiríonn scríbhneoireacht chruthaitheach níos forbartha ina lán teangacha. Éiríonn scileanna
teanga na ndaltaí níos sofaisticiúla agus tá sin le feiceáil sna réimsí seo: ina suim sa scríbhneoireacht; sa tslí a gcuireann
na daltaí iad féin in iúl ar bhealach níos doimhne i gcaighdeán agus i bhfad na dtéacsanna; na teangacha a roghnaíonn
siad agus iad ag scríobh; an tslí a n-úsáideann siad a n-eolas teangeolaíoch go léir le díriú ar a gcuid scríbhneoireachta;
agus an tacaíocht a chuireann an t-eolas seo ar fáil le haghaidh tuilleadh forbairt teanga. Na téacsanna a scríobhann
na daltaí, tá siad bunaithe ar na gnéithe uile den churaclam agus ar na bealaí nuálacha ina gcuireann na daltaí, le
tacaíocht óna múinteoirí, na hábhair seo i láthair. I gcás daltaí atá cleachta le scríobh téacsanna comhthreomhara i
mBéarla, i nGaeilge agus (i gcás daltaí BTB) ina dteanga
bhaile, beidh sceitimíní orthu an nuatheanga iasachta a
chur isteach ina dtéacsanna ilteangacha (Fíor 29).
Seo tuilleadh de na gníomhaíochtaí ilteangacha a raibh
rath orthu:
•
Cur síos ar an aimsir de réir cheithre airde an
chompáis i cibé tír atá faoi scrúdú, is féidir sin a
scríobh sna teangacha go léir a bhfuil eolas ag na
daltaí orthu – Sa tuaisceart tá sé fuar is féidir sin a
scríobh i nGaeilge, i mBéarla, i dteangacha baile, sa
nuatheanga iasachta agus in aon teanga eile a bhfuil
eolas ag na daltaí uirthi; an rud céanna i dtaca leis an
deisceart, an oirthear agus an iarthar (Fíor 30)
•
Cur síos ar thithe daltaí nó ar an teach ab fhearr leo,
agus is féidir an cur síos a scríobh san oiread
teangacha agus is féidir (Fíor 31)
•
Is féidir le daltaí dialann a scríobh faoin Nollaig, faoi
Eid agus faoi ócáidí ceiliúrtha eile ina lán teangacha
agus is féidir leo cártaí ceiliúrtha ilteangacha a
dhearadh dá múinteoirí agus dá bpiaraí.
Fíor 29: Litir a scríobhadh i mBéarla ag baint úsáid as an oiread sin focail
Fhraincise agus ab fhéidir (Rang a Sé)
PPLI delivering
Supported by
45