PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 44
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
2.4.4 Céim 4
Úsáid cur chuige comhtháite ilteangach le tacú le foghlaim
Leanann Céim 4 ar aghaidh ag tógáil ar an méid a bhfuil eolas ag daltaí air cheana féin. Má spreagadh iad ó chéim
luath le teacht ar naisc idir teangacha, beidh a fhios acu an tslí leis seo a dhéanamh gan aon dua. Is cuma faoina dteanga
bhaile, is bua tábhachtach í feasacht teanga le haghaidh a bhfoghlama teanga agus le haghaidh a bhfoglama go
ginearálta. Beidh a stór ilteangach féin ag gach ball den rang, an múinteoir san áireamh, chun a gcuid foghlama a
chumasú agus a shaibhriú. I gcur chuige ilteangach, éiríonn an nuatheanga iasachta ina cuid chomhtháite iomlán den
stór seo agus tacaítear leis é.
I gCéim 4, tugtar uair an chloig sa tseachtain do mhúineadh agus d’fhoghlaim na nuatheanga iasachta. Molaimid gur
chóir go ndíreodh leath den am seo ar an nuatheanga iasachta, ag cur stór focal nua, cora caint, agus araile, chun tosaigh
a úsáidfidh an múinteoir agus na daltaí ansin i gceachtanna eile. Mar a tharlaíonn leis an gcur chuige i leith na Gaeilge,
an méid ama atá fágtha baineann sin leis an gcur chuige comhtháite ilteangach, agus tá an nuatheanga iasachta san
áireamh anseo. Sa tslí seo, foghlaimíonn daltaí agus múinteoirí slí nua chun an méid a bhfuil eolas acu air cheana féin
a chur in iúl. Beidh daltaí díograiseach nuair a thuigeann siad gur féidir leo an nuatheanga iasachta a chur le canadh
amhrán a mbaineann siad sult astu, go dtuigeann siad treoracha simplí ranga, agus gur féidir leo ceisteanna simplí a
chur i dtrí theanga (ar a laghad). Ní hamháin go gcuirfidh an díograis seo lena muinín ina gcumas chun teangacha a
fhoghlaim; beidh sé ina buntáiste freisin lena bhfoghlaim i ngach réimse den churaclam.
Má tá daltaí le bheith páirteach go neamhspleách i gcaint dhialógach thrialach, ba chóir go mbeadh a fhios acu conas
ceisteanna a chur chomh maith le hiad a fhreagairt. Nuair a fhiafraíonn an múinteoir ceist i nGaeilge, e.g., cad é, an
bhfuil, cá bhfuil, tuigeann daltaí go luath cad atá siad á fhiafraí. Ba chóir go mbeadh na ceisteanna scríofa ar an gclár
bán chun go mbeidh na daltaí in ann iad a scríobh síos ina gcóipleabhair ilteangacha le húsáid amach anseo. Tá sé antábhachtach go bhfuil a fhios acu conas iarraidh ar dhaoine soiléiriú agus tuilleadh eolais a thabhairt dóibh i
dteangacha uile an churaclaim, an nuatheanga iasachta san áireamh.
I gcéim 4 is dócha go mbeidh méadú ar líon na n-ócáidí nuair is féidir leis na daltaí a dteangacha go léir a úsáid. Mar
shampla, is féidir leo páirt a ghlacadh mar scéalaithe, ostaigh agus treoraithe ag drámaí scoile, ceolchoirmeacha agus
taispeántais ealaíne, agus iad ag baint úsáid as cumarsáid cheart ina dteangacha go léir, an nuatheanga iasachta san
áireamh.
Is féidir a chur i gcuimhne do dhaltaí faoi conas is féidir teacht ar stór focail, frásaí, leaganacha cainte agus úsáid cheart
ghramadach i rímeanna, i ndánta, in amhráin agus i sleachta ó leabhair scríofa sa teanga atá siad a fhoghlaim. Áit nach
bhfuil rud áirithe feicthe ag foghlaimeoirí aonair roimhe seo nó má tá suim acu i rud áirithe, is féidir leo é a scríobh ina
gcóipleabhair ilteangacha le húsáid amach anseo.
Nuair a thosaíonn an múinteoir sa nuatheanga iasachta ar thasc a bhfuil eolas ag na daltaí air, e.g., déanamh cárta
beannachtaí, is féidir léi, le cabhair na ndaltaí, na céimeanna riachtanacha a scríobh ar an gclár bán. Nó, is féidir le daltaí
oibriú le chéile i ndéanamh cárta nó póstaeir agus úsáid a bhaint as an nuatheanga iasachta ag scríobh na gcéimeanna
síos a ghlac siad chun an rud a chur i gcrích.
Agus ábhar nua á phlé – saolré froig nó sábháilteacht uisce, b’fhéidir - molann an cur chuige ilteangach go bhfiafraíonn
an múinteoir conas a labhródh daoine faoin ábhar sna teangacha go léir atá sa seomra ranga. Molann daltaí focail agus
frásaí ábhartha, scríobhann siad iad ar an gclár bán, agus de réir a chéile cruthaítear stór focal timpeall an ábhair roimh
an gceacht. Cuireann an múinteoir an nuatheanga iasachta leis an stór focal agus is féidir le gach duine scrúdú a
dhéanamh ar na rudaí a dúradh le teacht ar naisc agus ar léargáis. I gcás ceachta ar ialtóga, mar shampla, luaigh an
múinteoir sciathán leathair na Gaeilge, agus chuir daltaí chauve souris (“luch mhaol”) na Fraincise agus letuchaya mysh
PPLI delivering
44
Supported by