PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 39
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Tábla 2: Uimhreacha i dteangacha éagsúla
Gaeilge
Fraincis
Spáinnis
Iodáilis
Béarla
Gearmáinis
Úcráinis
Polainnis
1
aon
un
uno
uno
one
Eins
odyn
jeden
2
dó
deux
dos
due
two
zwei
dva
dwa
3
trí
trois
tres
tre
three
drei
try
trcy
4
ceathair
quatre
cuatro
quattro
four
vier
chotyry
cztery
Etc.
Úsaid logainmneacha chun tuiscint a norbairt ar an tslí ar féidir le teangacha a bheith nasctha lena chéile agus/nó an tslí a
dtéann siad i bhfeidhm ar a chéile
•
Tosaigh le hainm na háite ina bhfuil an scoil. Déan scrúdú ar naisc agus ar léargais theangeolaíocha, aithin iad
agus pléigh iad.
•
Déan comparáid idir logainmneacha Gaeilge agus logainmneacha Béarla (Tábla 3). Aithin na cosúlachtaí agus na
difríochtaí i bhfoghraíocht agus in ortagrafaíocht. Déan nasc le Stair agus Tíreolaíocht, e.g., an focal Gaeilge baile
(“town”) seans gur as “bailey” (bábhún) na Normannach (mar atá in motte-and-bailey “(móta agus bábhún) a
tháinig sé, rud a bhí ina chuid de dhún Normannach áit a raibh an chuid is mó de na daoine ina gcónaí.
•
Deis mhaith is ea logainmneacha chun an tuiseal ginideach a phlé, e.g., Cluain Meala. Cá has a dtagann an focal
meala? Is as ‘mil’ (honey) a thagann sé. Sa Bhéarla ciallaíonn Cluain Meala “meadow of the honey”: is é an focal
“meala” an focal “mil” sa tuiseal ginideach, sa Bhéarla úsáidtear “of” le húinéireacht a léiriú, e.g., is é the man’s coat
the coat of the man.30
•
Mínigh gur féidir linn an leagan ceart den tuiseal ginideach a fhoghlaim ó fhrásaí atá in úsáid go rialta - scoil:
geata na scoile; bord: dath an bhoird; spéir: dath na spéire; grian: solas na gréine; bóthar: deireadh an bhóthair;
teach / tig(h): bean an tí; cathair: lár na cathrach; mil: mí na meala; sliabh: ar thaobh an tsléibhe; abhainn: ar
bhruach na habhann – agus ó dhánta, ó amhráin, ó rímeanna, ó phaidreacha agus araile. Scríobhann na frásaí seo
ina gcóipleabhair ilteangacha.
•
Conas a dhéileálann teangacha baile daltaí leis an tuiseal ginideach?
•
Aimsigh níos mó logainmneacha a thosaíonn le “Cluan” – Cluain Dolcáin, Cluain Tiobrad, agus araile. Cén taistriúchán a bheadh ar na logainmneacha sa nuatheanga iasachta agus i dteangacha baile na ndaltaí?
Tábla 3: Roinnt logainmneacha i mBéarla agus i nGaeilge
Béarla
Gaeilge
Plé
Nuatheanga Iasachta
Ballymore
Baile Mór
Cosúlachtaí/Difríochtaí. Mínigh do nreagra.
Clonmel
Cluain Meala
Cluain = meadow
Meala (mil) = honey
Cén fáth a bhfuil difríocht idir meala agus mil? (An tuiseal ginideach)
An féidir leat a náil
amach cén t-ainm a
bheadh ar an mbaile
seo sa nuatheanga
iasachta?
30
Seans go ndéarfaidh roinnt daoine go bhfuil sé róluath le tagairt a dhéanamh don tuiseal ginideach. Ach tá sampla againn de thriúr pháistí (cainteoir
Liotuánach, cainteoir Polannach, cainteoir Rómánach) i Rang a 4 ag plé leaganacha éagsúla den fhocal ‘hippopotamus’ ina dteangacha éagsúla. Dúirt
siad gur tháinig athrú ar an bhfocal nuair a rinne sé tagairt d’aon rud a bhí “of the hippopotamus”. Tharla an plé seo nuair nach raibh an múinteoir ann.
PPLI delivering
Supported by
39