PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 34
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
An mhaidin dár gcionn, léann sí an méid atá scríofa aici sa dialann dá páirtithe ranga. Seo ceann de na gníomhaíochtaí
is mó a thaitníonn le daltaí, agus meallann sí tuismitheoirí le bheith páirteach i bhfoghlaim a bpáistí – spreag sé roinnt
tuismitheoirí Éireannacha le tosú ar fhoghlaim na Gaeilge arís chun gur féidir leo cabhrú lena bpáistí agus iad ag scríobh
a ndialainne.
Déan é seo mar ghné rialta d’idirghníomhaíochtaí ranga, aistrigh na focail thábhachtacha agus na frásaí tábhachtacha
go Gaeilge agus go Béarla. Scríobh na haistriúcháin ar an gclár bán agus iarr ar na daltaí iad a scríobh ina gcóipleabhair
ilteangacha. Mura bhfuil a fhios ag daltaí BTB an tslí leis na focail agus leis na frásaí ina dteanga bhaile a litriú, iarr orthu
fiafraí dá dtuismitheoirí iad a scríobh síos ionas gur féidir leo iad a roinnt leis an gcuid eile den rang an lá dár gcionn.
Bhí rath ar na gníomhaíochtaí thíos ag Céim 2:
•
Léann an múinteoir scéal i nGaeilge agus pléann sí leis an rang é. Ansin oibríonn na daltaí le chéile agus
scríobhann siad achoimre, agus déanann an múinteoir taifead de ar an gclár bán agus scríobhann na daltaí é ina
gcóipleabhair.
•
Faightear tíortha dúchais teaghlaigh daltaí BTB ar léarscáil. Insíonn na daltaí don rang na teangacha a labhraíonn
daoine sna tíortha sin. Uaireanta, is féidir leo níos mó eolais a thabhairt ná an múinteoir; mar shampla, seans go
mbeidh daltaí Filipíneacha ábalta samplaí dá lán focail iasachta ón Spáinnis a thabhairt a tháinig isteach i
dTagálaigis mar thoradh ar choilíniú Spáinneach na bhFilipíní.
•
Éadaí agus aimsir: meallann an múinteoir ón rang liosta éadaí a chaitear i dtíortha éagsúla agus i séasúir éagsúla,
i mBéarla, i nGaeilge agus sna teangacha go léir atá in úsáid sa seomra ranga.
•
Ar ábhar ar bith, is féidir leis an múinteoir ceist a chur i nGaeilge agus is féidir leis na daltaí í a fhreagairt i mBéarla
agus/ nó ina dteanga bhaile. Má thugann daltaí freagraí i dteangacha baile aistrítear go Béarla iad ar mhaithe
lena bpáirtithe ranga.
•
Póstaer fáilte a dhéanamh le cur ar dhoras an tseomra ranga. Cuir na teangacha go léir atá in úsáid sa rang ar an
bpóstaer chun go mothóidh na cainteoirí sin go bhfuil fáilte rompu.
PPLI delivering
34
Supported by