PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 33
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Téacsanna níos faide a scríobh
I Rang a hAon agus a Dó, forbraíonn daltaí an
cumas le téacsanna níos faide a scríobh, agus
is féidir tosú ar théacsanna théacsanna
comhthreomhara le Gaeilge seachas Béarla.
Mar shampla, tá eolas ag daltaí ar leaganacha
Gaeilge de scéalta agus is féidir leo iad a
scríobh le chéile mar rang iomlán, nó is féidir
leo scéalta a chumadh bunaithe ar eachtraí a
bhfuil taithí acu féin orthu, gur thit siad agus
gur ghortaigh siad iad féin, mar shampla.
Cruthaíonn an múinteoir scafall ag baint
úsáid as na píosaí eolais a thugann siad di,
agus scríobhann sí iad ar an gclár bán de réir
mar a thagann cruth ar an scéal, agus
Fíor 14: Cur síos ar ár scoil i mBéarla agus i nGaeilge a léiríonn aistriú scileanna
litearthachta atá ag forbairt ó Bhéarla go Gaeilge
ceartaíonn sí earráidí na ndaltaí gan aon rud a rá. Scríobhann na daltaí an scéal ina gcóipleabhair agus mar obair bhaile,
scríobhann siad aistriúchán i mBéarla agus/nó ina dteanga bhaile (Fíor 14). Dá mbeadh bunleagan an scéil scríofa i
mBéarla, seans go mbeadh sé thar chumas fhormhór na ndaltaí ag an leibhéal seo aistriúchán a dhéanamh go Gaeilge,
ach neartaíonn aistriúchán go Béarla a gcuid foghlama i nGaeilge.
Úsáid filíochta le tacú le forbairt litearthacht ilteangach
Agus dánta á bplé i mBéarla, ba chóir Gaeilge agus teangacha baile
a chur san áireamh chomh maith. Mar shampla, ag tosú ar “The Night
Before Christmas” (“Cuairt San Nioclás”, Leabhar Breac) déan cinnte
go dtuigeann na daltaí an Ghaeilge atá ar “Christmas” agus fiafraigh
de dhalaí BTB an tslí a ndeir siadsan “Happy Christmas” ina dteanga
bhaile – Nollaig shona duit; Joyeux Noel; Buon natale; linksmų
Kalėdų; feliz Navidad. Is féidir leis an rang póstaer a dhéanamh a
chuireann na beannachtaí seo le chéile le híomhánna na Nollag
(beidh a fhios ag roinnt daltaí BTB an tslí le beannachtaí a scríobh
ina dteanga bhaile, beidh ar dhaoine eile ceist a chur ar a
dtuismitheoirí). Is féidir póstaer a dhéanamh freisin agus
ainmneacha éagsúla Dhaidí na Nollag, crann na Nollag, agus araile,
air, agus is féidir foghraíochtaí a chur i gcomparáid.
Dialann ranga
Bealach amháin chun úinéireacht téacsanna in dhá theanga nó níos
mó a thabhairt don rang ar fad ná dialann ranga a choinneáil i
Fíor 15: Dialann dhá theanga i nGaeilge agus i mBéarla (Rang
a Dó)
leabhar nótaí crua A4. Gach lá tugann dalta éagsúil an dialann abhaile. Ní bheidh obair bhaile eile ag an dalta an oíche
sin seachas scríobh faoi ábhar a roghnaíonn sí i mBéarla agus i nGaeilge/ i dteanga an bhaile – an rud a d’ith sí don
dinnéar, an tslí ar chaith sí an tráthnóna, cé acu a bhí nó nach raibh cuairteoirí ag a teaghlach, agus mar sin de (Fíor 15).
PPLI delivering
Supported by
33