PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 29
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Na focail sa dara véarsa, cuireann daltaí BTB nó a dtuismitheoirí a dteanga bhaile ar na focail sin. Deirtear an chéad
véarsa arís agus cantar é, an uair seo i mBéarla. Níl le déanamh ag na daltaí go léir sa rang ach aithris a dhéanamh ar a
bpáirtithe ranga le foghlaim conas an dara véarsa a chanadh i dteanga gach duine.
Rudaí atá tarlú sa timpeallacht
Is tasc tábhachtach é sna ranganna Naíonáin scileanna breathnaitheacha a fhorbairt, rud a chuirfidh le gach gné
d’fhorbairt, oideachas agus d'fhoghlaim daltaí. Sa seomra ranga agus sa timpeallacht thart air, is féidir le múinteoirí
cumas breathnaitheach daltaí a úsáid le tacú le foghlaim teanga; ag baint úsáid as Gaeilge mar theanga chumarsáide
sna cásanna seo spreagann sí daltaí chun nasc a dhéanamh idir an teanga agus ócáidí suimiúla. Mar shampla, ar shiúlóid
timpeall thailte na scoile, stopann an múinteoirí agus déanann sí comhartha do gach duine a bheith an-chiúin agus
éisteacht leis an rud a chuala sí nó féachaint ar an rud a chonaic sí. Éistigí! Ar chuala sibh é sin? nó Féach air sin! Cad é?
Ag baint úsáid as comharthaíocht choirp le haird a dhíriú ar an rud a bhfuil sí ag éisteacht leis nó ar an rud a bhfuil sí
ag féachaint air, fanann an múinteoir le freagra ó na páistí, agus úsáidfidh siad cibé teanga a bhfuil eolas acu uirthi
chun an cheist a fhreagairt. Deimhníonn an múinteoir a bhfreagraí i nGaeilge: Is éan é. Tá sé ag canadh. Ar ais sa seomra
ranga, is féidir an ócáid seo a úsáid chun treisiú a dhéanamh ar an teanga atá foghlamtha ag na páistí. Fiafraíonn an
múinteoir: Cad a chuala tú? Cad a chonaic tú? Lena cabhair freagraíonn na páistí: Chuala mé… Chonaic mé …. Is féidir
treisiú a dhéanamh ar fhrásaí den chineál seo go dtí go bhfuil siad neadaithe go hiomlán i stór teangeolaíoch gach
páiste agus gur féidir iad a úsáid mar bhonn le haghaidh tuilleadh forbairt teanga. Má spreagann tú na páistí chun
pictiúr d’éan a tharraingt agus má insíonn tú don rang: Is éan é, cabhróidh sin chun an teanga atá in úsáid a neartú
níos mó. Le linn tréimhse seachtaine nó níos faide, is féidir le daltaí leathanaigh den chineál céanna a chruthú agus
líníochtaí d’ainmhithe éagsúla nó de rudaí a bhfuil suim acu iontu: is madra é; is cat é; is úll é. Is féidir leabhar a
dhéanamh de na leathanaigh má chuirtear stápla iontu. Is féidir leis na páistí a gcuid leabhar a úsáid mar leid le cur i
gcuimhne dóibh an méid atá foghlamtha acu. Cóipleabhair gan línte – a gcéad chóipleabhair ilteangacha – is féidir
iad a úsáid ag Céim 1 le taifead a dhéanamh ar na focail nua agus le ceisteanna a chur ag baint úsáid as bolgáin agus
líníochtaí simplí ina bhfuil daoine cipíneacha.
Feicfidh múinteoirí go n-aistríonn daltaí an méid atá foghlamtha acu sa rang go húsáid fhíor agus spontáineach den
stór focal nua seo ina n-idirghníomhaíochtaí lena chéile – fianaise a léiríonn go bhfuil an teanga atá foghlamtha acu
neadaithe ina stóir aonair theangeolaíocha agus go bhfuil sí á húsáid go neamhspleách.
Cluichí
Is féidir Gaeilge agus teangacha baile daltaí BTB a úsáid chun gníomhchluichí a dhéanamh ar nós “Hand to hand”,
“Toe to toe” agus “Head, shoulders, knees and toes”. Nuair a fhoghlaimíonn na páistí an tslí chun treoracha a leanúint i
mBéarla sa rang Corpoideachais, is féidir le múinteoirí leas a bhaint as an méid eolais atá acu cheana féin agus na
treoracha céanna a thabhairt i nGaeilge, agus gheobhaidh na páistí máistreacht orthu go tapa.
Na chéad chéimeanna i bhforbairt litearthachta ilteangach
Agus páistí ag foghlaim an tslí le scríobh ar dtús, is féidir leis an múinteoir bileoga simplí saothair a dhéanamh le líonadh
isteach i mBéarla, i nGaeilge agus (i gcás daltaí BTB) a dteanga bhaile. D’fhéadfadh an bhileog saothair aird a dhíriú ar
chineálacha éagsúla torthaí nó ar chineálacha éagsúla éadaigh, nó d’fhéadfadh sí eolas bunúsach a chur ar fáil faoi na
daltaí – ainm, aois, rang, ainm na scoile, áit a gcónaíonn siad, na teangacha a labhraíonn siad, na rudaí is maith leo agus
nach maith leo. Sna céimeanna an-luath, i gcás daltaí BTB, is cinnte go mbeidh cabhair de dhíth orthu lena dteanga
bhaile. Is féidir le tuismitheoir nó siblín níos sine focail a scríobh do na daltaí nó an litriú a dheachtú. Nuair nach bhfuil
scileanna teanga Béarla na dtuismitheoirí chomh forbartha le scileanna a bpáistí, is féidir leo cabhrú mar sin féin má
dhéanann na páistí aistriúchán ó bhéal ar na focail agus na frásaí is gá dóibh a scríobh.
PPLI delivering
Supported by
29