PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 28
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Bia
Tugann sosanna sneaice agus lóin seansanna gach lá chun bia a phlé. Is am iontach iad chun rudaí is maith le páistí
agus nach maith leo a phlé i nGaeilge, e.g., An maith leat ____? Is maith liom/ Ní maith liom, agus chun comparáid a
dhéanamh idir na focail le haghaidh bianna éagsúla i dteangacha éagsúla. Nuair a tharraingtear daltaí isteach sa chineál
seo caidrimh, is minic a thosaíonn siad ag cur tús le comhráite ina measc féin. Is féidir plé níos foirmeálta ar bhia a
threisiú ag baint úsáid as pictiúir a bhfuil lipéid orthu i mBéarla, i nGaeilge agus i dteangacha baile. Scríobhann an
múinteoir na focail Bhéarla agus Ghaeilge le haghaidh cineálacha éagsúla bia ar an gclár bán. Iarrtar ar dhaltaí na
bianna is maith leo a roghnú, iad a tharraingt agus na hainmneacha cuí a scríobh in aice leo (Fíoracha 3 agus 4). Ansin
i gcás daltaí BTB iarrann siad ar a dtuismitheoirí na focail chuí a chur isteach lena dteanga bhaile. Tá sé tábhachtach go
léitear obair den chineál seo amach os comhair an chuid eile den rang: nuair a fhoilsíonn múinteoirí é sa tslí seo léiríonn
siad go bhfuil gach teanga chomh tábhachtach lena chéile agus treisíonn sé suim na ndaltaí i dteangacha agus ina
spreagadh le foghlaim.
Fíor 3: Focail thábhachtacha a úsáidtear chun na torthaí is fearr
le páistí a ainmniú mar théacs comhthreomhar i mBéarla agus i
nGaeilge (Naíonáin Shinsearacha)
Fíor 4: Focail thábhachtacha a úsáidtear chun na torthaí is fearr
le páistí a ainmniú mar théacs comhthreomhar i mBéarla agus i
dteanga bhaile, sa Pholainnis (Naíonáin Shinsearacha)
Ceol
Tugann ceol an oiread sin seansanna do dhaltaí chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus chun píosaí a fhoghlaim de
theangacha baile daltaí BTB. Nuair a úsáidtear ábhair a bhfuil eolas ag na páistí orthu cheana féin, is féidir foinn shimplí
a úsáid, e.g. “The Farmer in the Dell”, agus is féidir úsáid a bhaint as na teangacha go léir sa seomra ranga. Ag tosú leis
an nGaeilge, ag leanúint ar aghaidh leis na teangacha baile agus ag críochnú leis an mBéarla, is féidir le páistí an frása
céanna a rá arís is arís i dteangacha éagsúla ó thús deireadh an amhráin.
Nuair atá an Nollaig ag teacht, seans go dtosódh an t-amhrán mar seo:
Véarsa 1
Véarsa 2
Véarsa 3
Tá Daidí na Nollag ag teacht (x 2)
Hé hó mo dhaidio
Tá Daidí na Nollag ag teacht.
Le féiríní do chách (x 2)
Hé hó mo dhaidio
Le féiríní do chách.
Santa’s on his way (x 2)
Hé hó mo dhaidio
Santa’s on his way.
PPLI delivering
28
Supported by