PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 27
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
tslí a ndéanann siad comhaireamh ó 1 go 5 ina dteanga bhaile (seans go mbeidh orthu iarraidh ar a dtuismitheoirí iad
a mhúineadh dóibh). Má dhéantar an tasc arís is arís i dteangacha éagsúla treisíonn sin foghlaim bhunúsach an
churaclaim. Tugann sé seansanna freisin chun cosúlachtaí idir teangacha a aithint, e.g., a dó, deux, duo, agus trois, three,
a trí. Is féidir an cur chuige céanna a úsáid nuair atá suimiú á mhúineadh. Níor chóir go mbeadh iontas ná imní ar
mhúinteoirí má mheascann daltaí teangacha agus iad ag déanamh suimithe simplí, e.g., a two agus a two sin a four. Le
himeacht aimsire agus le cleachtadh, foghlaimeoidh siad gan teangacha a mheascadh.
Dathanna
Agus dathanna á bplé i mBéarla is féidir na focail i nGaeilge le haghaidh dathanna a chur san áireamh, agus i gcás
daltaí BTB (arís seans go mbeidh orthu ceist a chur ar a dtuismitheoirí), is féidir iarraidh orthu ainmneacha na ndathanna
ina dteangacha baile a insint don rang. Bealach amháin chun dathanna bunúsacha a mhúineadh ná mataí de
dhathanna éagsúla a chur i gcruth ciorcail agus iarraidh ar dhaltaí aonair léim ar gach mata ceann ar cheann, ag glao
fhocal dhath an mhata amach sa teanga is fearr leo. Déanann an chuid eile den rang aithris ar an rud a deir gach dalta.
Seo bealach maith le barr feabhais a chur ar scileanna éisteachta daltaí. Ó am go ham, seans go mbeidh tóir níos mó
ar roinnt teangacha ná cinn eile agus go meascfaidh páistí teangacha agus iad ag rá an datha is fearr leo, e.g., corcra
agus rojo (dearg sa Spáinnis) dúradh iad mar: “Corcra/rojo is my favourite colour”. Tá a fhios ag páistí gurb iad na
dathanna purple agus red ainmneacha na ndathanna is fearr leo i mBéarla. Nuair is maith leo fuaim an datha is fearr
leo i dteanga eile, bainfidh siad úsáid as an bhfocal sin chun a rogha a aithint.
Laethanta na seachtaine
Nuair atá laethanta na seachtaine agus a n-ord i mBéarla foghlamtha ag daltaí, is féidir na leaganacha i nGaeilge a
mhúineadh dóibh. Ina dhiaidh sin, is féidir leo laethanta na seachtaine a fhoghlaim i cibé teangacha baile atá sa seomra
ranga (de ghnáth tá tuismitheoirí sásta na focail riachtanacha ina dteanga bhaile a scríobh síos). Léiríonn taithí go
mbaineann páistí sult as gníomhaíochtaí foghlama simplí a dhéanamh ina lán teangacha; spreagtar iad chun teangacha
na ndaltaí sa rang céanna leo a fhoghlaim ag an am céanna agus atá siad ag foghlaim ábhar curaclaim i mBéarla agus
i nGaeilge. Nuair a dhéantar gníomhaíochtaí foghlama simplí go rialta ina lán teangacha leagann sin bunchlocha
bunúsacha síos le haghaidh próisis foghlaim ilteanga a éiríonn níos casta sna blianta deireanacha. Fiú ag an gcéim
luath seo is maith an smaoineamh é tacú le foghlaim ó bhéal le cló; mar shampla, ba chóir go mbeadh laethanta na
seachtaine scríofa i ngach ceann de theangacha an tseomra ranga agus ar taispeáint ar bhalla an tseomra ranga (Fíor
2).
Figiúr 2: Laethanta na seachtaine i dteangacha an tseomra ranga
PPLI delivering
Supported by
27