PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 23
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
éagsúla. Mar fhocal scoir, fuair múinteoirí amach go raibh sé úsáideach a dtaifead féin a choinneáil de chomhráite sa
seomra ranga agus de rudaí a dhéanann daltaí chomh maith le focail agus frásaí a fhoghlaimíonn siad i dteangacha
baile daltaí BTB.
Ranganna tacaíochta teanga
Teastaíonn tacaíocht a dhíríonn ar Bhéarla ó dhaltaí BTB, go háirithe i gcéimeanna luatha forbairt litearthachta; tá an
t-aistriú ó Naíonáin Shinsearacha go Rang a hAon thar a bheith tábhachtach. Má cheaptar múinteoir speisialta chun
tacaíocht teanga a chur ar fáil, nó má chuirtear ar fáil i ngnáthsheomra ranga í, tá sé ag cloí leis an gcur chuige a mholtar
sna treoirlínte seo chun na daltaí go léir a chur san áireamh; baineann cainteoirí dúchais Béarla leas as dianfhócas na
tacaíochta teanga, agus is féidir leo cabhrú le scafláil a dhéanamh ar chumarsáid daltaí BTB. Go háirithe sna céimeanna
luatha, ba chóir go dtosódh ranganna le fócas neamhdhúshlánach ar na foghlaimeoirí mar dhaoine aonair. Má tá cóta
nua nó bróga nua nó bréagán bog nua ag duine éigin, seans gurbh fhéidir úsáid a bhaint as sin mar thúsphointe chun
gach duine a tharraingt isteach. Is féidir iarraidh ar dhaltaí BTB an focal a rá ina dteanga bhaile – ba chóir don mhúinteoir
an focal a rá arís agus ceist a chur ar dhúirt sí i gceart é. Nuair a thosaíonn daltaí BTB ag léamh agus ag scríobh, is
smaoineamh maith é gach rud a deir siad a scríobh síos chun gur féidir lena bhfoghlaim díriú ar a n-iarrachtaí le
cumarsáid a dhéanamh. In am trátha is féidir leis na ranganna tacaíochta teanga déileáil le cibé ábhair reatha atá ar
siúl i ngnáthranga na ndaltaí.
An tábhacht a bhaineann le páirteachas tuismitheoirí
Mar a luadh thuas, ba chóir go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas faoi pholasaí teanga na scoile agus ba chóir go
gcoinneofaí iad ar an eolas faoi dhul chun cinn foghlaim teanga a bpáistí. Tá ról bunúsach ag tuismitheoirí daltaí BTB
i gcothú agus i bhforbairt chumas a bpáistí i dteanga an bhaile, go háirithe i gcás na léitheoireachta agus na
scríbhneoireachta. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh teagmháil rialta idir múinteoir agus tuismitheoir má tá daltaí BTB
chun litearthacht a fhorbairt ina dteanga bhaile.
2.3 Cur i bhfeidhm cur chuige ilteangach i leith múinte agus foghlama
I míreanna 1.1, 1.4 agus 2.1 rinneamar achoimre ar na prionsabail atá mar bhonn faoi chur chuige ilteangach i leith
oideachas teanga agus thugamar cuntas ginearálta ar na himpleachtaí oideolaíocha a bhaineann leis. Anois cuirimid
síos ar roinnt de na bealaí ar féidir an cur chuige a chur i bhfeidhm ó thús na Naíonán Sóisearach go dtí deireadh Rang
a Sé. Ag gach céim den churaclam, tá na cúig príomhghné le feiceáil sa chur i bhfeidhm:
•
Caint dhialógach agus thrialach sa seomra ranga
• Spreagadh foghlaim neamhspleách
•
Úsáid cóipleabhair ilteangacha
• Forbairt tuisceana ar theanga agus ar fhoghlaim teanga
•
Forbairt litearthacht ilteangach daltaí
Caint dhialógach thrialach sa seomra ranga
Mar a leagamar béim air cheana féin, is mar fhráma thart ar an gcaint dhialógach thrialach sa seomra ranga atá cur
chuige ilteangach i leith múinte agus foghlama, rud a spreagann daltaí le rudaí a dhéanamh as a stuaim féin agus a
éascaíonn foghlaim mhachnamhach. Stiúrann an múinteoir an chaint seo, ach tá sé de cheart ag na daltaí smaointe
agus moltaí a thairiscint. I gcás daltaí BTB, dearbhaítear an ceart seo mar go spreagtar iad chun tarraingt ar a dteangacha
baile agus iad a úsáid chun ionchur uathúil a dhéanamh maidir leis an gcomhrá foghlama. Éascaíonn caint dhialógach
thrialach sa seomra ranga forbairt stór comhtháite ilteangach na ndaltaí trí phróisis sóisialú teanga – “foghlaim ... trí
bhreathnóireacht, trí pháirteachas, agus trí léiriú”. 28 Spreagann na próisis seo an tsóisialaithe páirteachas neamhspleách
freisin.
28
P. A. Duff & S.Talmy, Language socialization approaches to second language acquisition: Social, cultural, and linguistic development in additional
languages, in D. Atkinson (ed.), Alternative Approaches to Second Language Acquisition, London & New York, 2011, lch. 96
PPLI delivering
Supported by
23