PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 21
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Is gá dúinn freisin teangacha baile a chur san áireamh i gcumarsáid ranga agus in am trátha tacú le forbairt litearthachta
daltaí sna teangacha sin. I gcás múinteoirí atá ag tosú ar an gcur chuige seo den chéad uair seans go mbeidh siad
buartha nach bhfuil eolas acu ar theanga bhaile daltaí BTB, nach féidir leo iad a thuiscint nuair a labhraíonn siad na
teangacha sin agus nuair a scríobhann siad iad, agus dá bharr sin, nach féidir leo iad a cheartú. Ach níl aon bhunús leis
an mbuaireamh seo. Is cainteoirí dúcháis dá dteanga bhaile féin iad daltaí BTB, agus tugann an fhianaise le tuscint
nuair a aistríonn siad a scileanna litearthachta atá ag teacht chun cinn ó Bhéarla agus ó Ghaeilge chuig a dteanga
bhaile, le cabhair óna dtuismitheoirí agus baill eile den teaghlach, go scríobhann siad téacsanna
atá chomh cruinn agus atá na téacsanna atá scríofa ag a bpiaraí ina
dtír dhúchais.
Sula míneoimid an tslí ar féidir an cur chuige atá á mholadh againn
a chur i bhfeidhm mar chleachtas sa seomra ranga thar cheithre
chéim na bunscolaíochta, is gá achoimre a dhéanamh ar an
tacaíochtaí ba chóir don scoil a chur ar fáil.
2.2 Cad iad na tacaíochtaí ba chóir don scoil a chur ar fáil?
Polasaí teanga scoile
Curaclam Teanga na Bunscoile – is ceist í, ní hamháin don mhúinteoir
aonair, ach don scoil ar fad. Dá bharr sin, tá sé tábhachtach polasaí
teanga scoile a fhorbairt a bhfuil tacaíocht an Bhoird Bhainistíochta
aige, atá roinnte le tuismitheoirí, agus a ndéantar athbhreithiú agus
uasdátú air go rialta. Molaimid gur chóir go mbeadh na rudaí seo i
ndoiciméad polasaí teanga:
•
ráiteas misin a aithníonn an ról lárnach a imríonn teanga in
oideachas, a thugann an stádas céanna do na teangacha go léir sa
scoil, agus a chuireann béim ar cé chomh tábhachtach agus atá
sé cabhrú le daltaí stórtha ilteangacha comhtháite a fhorbairt;
•
ráiteas de phrionsabail threoracha oideolaíocha atá cosúil leis
na cinn atá ag tús mhír 2.1 agus achoimre ar a n-impleachtaí
praiticiúla;
•
tiomantas d’athbhreithniú rialta agus do leasuithe (más gá).
Mar ráiteas ar an gciall a bhaineann an scoil as Curaclam Teanga na
Bunscoile, soláthraíonn an polasaí teanga pointe tábhachtach
tagartha do chigireachtaí scoile.
Cur i bhfeidhm pholasaí teanga na scoile
Má tá múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí san áireamh i gcur chuige
sa scoil uile, is dócha go gcruthóidh sin na torthaí is fearr do gach
duine a bhfuil baint acu leis. Ba chóir don Bhord Bainistíochta agus
do mhúinteoirí ranga aonair tuismitheoirí a chur ar an eolas go
bhfuil fáilte roimh na teangacha baile go léir mar acmhainn a
dhéanann leas gach duine. Is fiú meabhrúcháin a chur amach uair
sa téarma agus uasdátaithe a chur ar shuíomh gréasáin na scoile
ag léiriú na slí a bhfuil teangacha á n-úsáid, is féidir leo a bheith anchabhrach do thuismitheoirí.
PPLI delivering
Supported by
21