PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 20
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
2.1
Roinnt rudaí oideolaíocha roimh ré
Díríonn na treoirlínte seo ar 3 dhúshlán oideachasúla: chun go mbeidh an Ghaeilge ina cuid de “ghnáth-theanga bheo”
gach dalta (Curaclam Teanga na Bunscoile), chun teangacha na nÉireannach nua a chur san áireamh i slite a ndéanann
leas dóibhsean, dá bpiaraí agus do shochaí na hÉireann (Déanann Teangacha Nasc), agus chun tacú le tabhairt isteach
nuatheangacha iasachta (MFL) i gcéim 3 agus 4 an churaclaim. Mar a mhíníomar i gCuid 1, nuair a chuirtear na trí
dhúshlán seo san áireamh tá sé intuigthe go bhfuil cur chuige “ilteangach” á ghlacadh i leith oideachas teanga, agus
go bhfuil sé á mhúnlú ag ceithre phrionsabal oideolaíocha:
1. Ba chóir go mbeadh an múineadh agus an fhoghlaim bunaithe ar úsáid teanga atá spontáineach agus fíor; bíonn
teangacha “beo” nuair a bhíonn siad in úsáid le haghaidh aidhmeanna cumarsáideacha agus machnamhacha.
2. Ba chóir go dtarraingeodh an múineadh agus an fhoghlaim ar na hacmhainní teangeolaíocha go léir atá ar fáil do
na foghlaimeoirí.
3. Ba chóir go n-aithneodh an múineadh agus an fhoghlaim gur rudaí scoite iad teangacha.
4. Ba chóir go gcabhródh an múineadh le daltaí feasacht a fhorbairt ar theanga agus ar cad atá i gceist le foghlaim
teanga.
Teastaíonn ón gcéad cheann de na ceithre phrionsabal seo go mbeadh comhtháthú iomlán na Gaeilge, agus in am
trátha, na nuatheanga i ngnáthcumarsáid na seomra ranga, agus aithníonn an dara prionsabal gurb í teanga bhaile
gach dalta a p(h)ríomhuirlis chognaíoch agus gur acmhainn luachmhar í don rang ar an iomlán. Mar a dúramar in 1.1,
tá sé intuigthe sna prionsabail seo gur chóir go mbeadh an próiseas múinte/foghlama ina cheann dialógach agus
trialach, ag gach cor go spreagfadh sé daltaí a bheith páirteach ag tarraingt ar a n-eolas ar ghníomh, agus go gcuirfeadh
sé a n-eolas teangeolaíoch agus a n-iomas san áireamh. Cuireann an tríú prionsabal i gcuimhne dúinn gur chóir go
mbeadh sé mar sprioc ag an oideachas teanga uile forbairt a dhéanamh ar an gcumas aois-oiriúnach liteartha i
dteangacha gach dalta ag an leibhéal is airde a d’fheadfadh siad a bheith acu ina stór, agus cuireann an ceathrú
prionsabal i gcuimhne dúinn an tábhacht atá le forbairt scileanna machnamhacha agus meiteachognaíocha na ndaltaí,
agus a gcumas le bheith i gceannas ar a gcuid foghlama. Níl na teoiricí reatha ar shealbhú an dara teanga ar aon fhocal
ina dtuiscint ar na meicníochtaí cognaíocha a ghineann cumas, ach aontaíonn siad go dtiomáineann úsáid teanga
spontáineach agus fíor na meicníochtaí sin.25 Aontaíonn siad, i bhfocal eile, go bhfuil sé dodhéanta teangacha a
mhúineadh sa tslí thraidisiúnta; chun na cúinsí a chruthú a chuireann daltaí ar a gcumas an sprioctheanga a fhoghlaim
is é an rud is fearr is féidir linn a dhéanamh iarracht a dhéanamh úsáid a bhaint aisti. Mar sin, is é ár gcéad tosaíocht gur
chóir dúinn ligean do na daltaí a bheith páirteach i bhfíorchumarsáid. Ciallaíonn seo go dtugaimid na focail agus na
frásaí dóibh le go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh, go dtacaímid lena n-iarrachtaí i labhairt agus scríobh na
dteangacha atá siad ag foghlaim, agus go gcinntímid go bhfuil caint an tseomra ranga dialógach agus trialach (cf. mír
1.3), chun go spreagfaidh sí iad chun rudaí a dhéanamh as a stuaim féin. Má dhéanann daltaí níos mó rudaí as a stuaim
féin, is cosúla go dtarraingeoidh seo múinteoirí óna bpleananna ceachta. Ach níor chóir a bheith buartha faoi seo: más
as úsáid teanga a thagann cumas teanga, is as an gcaint go léir a ghineann páistí a thiocfaidh foghlaim. Seans nach
mbeidh a thionchar soiléir láithreach, ach gan dabht beidh ról aige i bpróiseas ceilte fás teanga.
Chun tabhairt faoi dhúshláin Churaclam Teanga na Bunscoile agus Déanann Teangacha Nasc, caithfimid teacht ar
bhealaí chun scafláil a dhéanamh ar iarrachtaí páistí chun úsáid a bhaint as an nGaeilge, as an mBéarla i gcás daltaí
BTB, 26 agus as an nuatheanga iasachta i gcéim 4.
25
26
Feic, mar shampla, dhá chaibidil in J. W. Schwieter and A. Benati (eds.), The Cambridge Handbook of Language Learning, Cambridge: Cambridge
University Press, 2019: N. C. Ellis and S. Wulff, “Cognitive approaches to second language acquisition” (pp. 41–61) and J. Truscott and M. Sharwood
Smith, “Theoretical frameworks in L2 acquisition” (lgh. 84–107).
An téarma “dalta BTB (Béarla mar Theanga Bhreise)” nó i mBéarla EAL (English as an Additional Language), úsáidtear seo le tagairt a dhéanamh do
dhaltaí nach labhraíonn Béarla ná Gaeilge sa bhaile agus dá bhrí sin tá siad i dteideal tacaíocht Bhéarla a fháil.
PPLI delivering
20
Supported by