ppli.ieTeanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre KirwanAn chaint dialógach thrialach a dhéanann nasc idir eolas scoile agus eolas daltaí ar ghníomh ligeann sí do dhaltaí blúirídá gcultúr baile a sholáthar d’eolas an ranga atá ag leathnú de shíor. Aithneoidh a lán daltaí roinnt de na blúirí ar aniomlán, ach beidh cinn eile thar a bheith difriúil; ina lán cásanna, difríocht theangeolaíoch a bheidh ann chomh maithle ceann cultúrtha. Ach má ghlactar leis an gcur chuige ilteangach a mholann Curaclam Teanga na Bunscoile agus atámínithe sna treoirlínte seo cabhróidh sé le daltaí glacadh le rudaí nua agus le difríochtaí agus suim a chur iontu agusmeas a bheith acu orthu, ag cur fáilte roimh gach cineál éagsúlachta mar gheall ar an gcothú a thugann siad leo.Tuiscint tuismitheoirí ar bhuntáistí cur chuige ilteangachFeiceann ár bpáistí cailiní eile agus buachaillí eile ina rang agus iad ag caint na teangaeile seo le líofacht agus le múinín agus sílim go ndeir siad, “Cén fáth nach féidir liom sin adhéanamh le mo chuid Gaeilge?” Cuireann sé fonn orthu níos mó Gaeilge a labhairt sabhaile. Sílim go spreagann sé iad.Is maith linn go raibh suim ag an scoil inár dteanga. Roimhe seo, bhí náire ar m’iníon nuaira chuala sí muid á labhairt. Anois is mian léi í a léamh agus a scríobh.Sílim i ndáiríre mar go spreagann an scoil seo í chomh mór sin, an tslí le labhairt agus leteacht ar na cosúlachtaí idir do theanga dhúchais bhaile agus Béarla, Gaeilge agusFraincis, gur cinnte go gcuireann sé dlús le foghlaim an Bhéarla.Nuair a tháinig mo pháiste abhaile agus nuair a d’inis sí dom gur iarr an múinteoir uirthirud éigin a rá [inár dteanga bhaile] shuigh mé síos agus ghoil mé mar gur shíl mé, ‘Is mianle duine éigin eolas a bheith acu faoinár dteanga bhaile’.Tógadh ualach mór de mo ghuaillí nuair a chuala mé go raibh sé go breámo theanga féin a labhairt sa bhaile.PPLI delivering18Supported by
It seems that your browser's pop-up blocker has prevented us from opening a new window/tab. Please click the button below to open the link manually.