PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 17
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Deir an doiciméad céanna go bhfuil sé intuigthe sa téarma “idirchultúrachas” go maireann grúpaí cultúrtha éagsúla
go síochánta le chéile, ach baineadh úsáid as “ilchultúrthacht” le tagairt a dhéanamh dá lán grúpaí cultúrtha atá sa
spás céanna nach mbíonn mórán teagmhála acu lena chéile, go háirithe má labhraíonn siad teangacha éagsúla. 24
I dtéarmaí praiticiúla, is é an rud atá i gceist le hoideachas idirchultúrtha go n-aithnítear éagsúlacht agus difríochtaí
ina bhfoirmeacha go léir, go mbaintear ciall astu agus go nglactar leo. Is spreagadh cumhachtach don chineál seo
cleachtadh oideachais é cur chuige comhtháite i leith mhúineadh agus foghlaim an Bhéarla, na Gaeilge agus
nuatheangacha iasachta, agus tá sé níos cumhachtaí fós mar go dtugann sé teangacha na n-imireach agus an t-eolas
ar ghníomh atá iontu isteach i ngnáthshaol an tseomra ranga. Arís, áfach, tá sé tábhachtach gan botún eisintiúlachas
cultúrtha a dhéanamh. Tá thart ar 200 teanga á labhairt in Éirinn sa lá atá inniu ann, agus thug cainteoirí fásta na
dteangacha sin éagsúlacht mhór de thaithí, dearcthaí agus creidimh chultúrtha leo. Ach tá éagsúlacht mhór uaireanta
idir an oidhreacht chultúrtha atá ag tuismitheoirí imirceach agus an méid atá ag a bpáistí. Téann roinnt páistí ar cuairt
ar thír dhúchais a dtuismitheoirí go rialta, agus seans go gcaitheann siad an samhradh lena seantuismitheoirí agus
nglacann siad páirt i saol an teaghlaigh sínte agus sa phobal áitiúil; éiríonn siad ilchultúrtha i gciall Chomhairle na
hEorpa. Ní bhíonn aon teagmháil ag páistí eile le cultúr dúchais a dtuismitheoirí seachas na hamhráin thraidisiúnta
agus na scéalta traidisiúnta agus na cuimhní cinn a roinneann a dtuismitheoirí.
Léargais mhúinteoirí ar na buntáistí a bhaineann le húsáid teangacha baile sa churaclam
Sílim go bhfuil i bhfad níos mó tuisceana ar an
Tá na páistí ag freagairt go han-dearfach don
nGaeilge mar theanga cumarsáide sna páistí
pholasaí teanga oscailte – fiú ina gcomharthaocht
Éireannacha mar gheall ar na páistí a tháinig ó
choirp agus ina n-iompar taobh istigh den rang; an
thíortha eile agus a labhraíonn go réasúnta oscailte
luas agus an cruinneas lena bhfreagraíonn siad
faoina dteanga agus ina dteanga.
ceisteanna nuair a bhíonn baint acu lena dteanga féin.
Is cuma faoin ábhar, bíonn níos mó suime acu má tá
Is bealach maith iad ceachtanna Gaeilge chun
teangacha baile na ndaltaí a chur san áireamh, agus
téann sin i bhfeidhm ar na páistí Éireannacha.
Tosaíonn siad ag féachaint ar an nGaeilge mar an
baint éigin aige lena mbaile nó lena dteanga nó lena
dtaithí féin; mar sin de, nuair a fhreagraíonn siad tá an
smaoineamh i bhfad níos forbartha...rud atá fíor sa
scríbhneoireacht freisin.
dara teanga s’acu.
An obair atá déanta ag na páistí tugann sí fianaise ar
Nuair a tharraingíonn tú ar na teangacha
baile lasann sin na soilse!
Roinnt mhaith blianta ó shin... déarfainn ‘O ná déan
obair scríofa. Is í an chaint an rud is tábhachtaí’ sílim
má mhúnlaíonn siad a gcuid smaointe le peann agus
páipéar ar dtús, go dtugann se múinín dóibh le dul
cé chomh rathúil agus a bhí sí. Tá lorg an pholasaí
teanga oscailte le feiceáil i ngach rud sa scoil.
I rang ar bith tá na páistí toilteanach na teangacha
uile a fhoghlaim agus beannaíonn siad duit i roinnt
teangacha éagsúla agus tarlaíonn sé beagnach gan
aon iontas, níl ann ach cuid de ghnáthshaol na scoile.
agus labhairt.
24
Intercultural Education in the Primary School, Baile Átha Cliath: An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, 2005, lch. 3.
PPLI delivering
Supported by
17