PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 16
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
1.5 Athrú éagsúlacht theangeolaíoch agus cultúrtha chuig caipiteal oideachasúil
Baineann Comhairle na hEorpa úsáid as “ilchultúrtha” chun tagairt a dhéanamh do dhaoine aonair a bhfuil baint acu
le dhá ghrúpa cultúrtha nó níos mó agus baineann sí úsáid as “idirchultúrtha” le coimpléasc d’abaltachtaí cognaíocha,
aificseanacha agus iompraíocha a chur in iúl, agus san áireamh anseo tá:
•
eolas ar ghrúpaí cultúrtha eile, ar a dtáirgí agus ar a nósanna, agus ar na slite ina ndéanann daoine ó chultúir
éagsúla caidreamh lena chéile;
•
dearcthaí amhail fiosracht, oscailteacht, meas ar eileacht, agus ionbhá;
•
scileanna chun ciall a bhaint as rudaí agus chun iad a cheangal le chéile, mar shampla, ciall a bhaint as nós
ó chultúr eile, agus ceangal á dhéanamh leis an nós sin i do chultúr féin;
•
scileanna fionnachtana amhail an cumas chun eolas nua a lorg agus a fháil faoi chultúr agus faoina nósanna
agus faoina tháirgí;
•
feasacht chultúrtha chriticiúil, is é sin, an cumas chun measúnú criticiúil a dhéanamh ar na nósanna agus ar
na táirgí i do chultúr féin agus i gcultúr eile. 23
Agus machnamh á dhéanamh againn ar an tslí ar féidir linn idirchultúrachas a thabhairt isteach sa seomra ranga
bunscoile, tá sé tábhachtach go seachnóimid an t-eisintiúlachas cultúrtha atá sa phlé pobail faoin ábhar. Ceanglaíonn
eisintiúlachas cultúrtha an náisiúnstát le teanga náisiúnta agus le cultúr náisiúnta agus glacann sé leis go bhfuil na
tréithe céanna ag gach saoránach sa tír sin. Ar leibhéal amaideach, cruthaíonn sé steiréitíopaí cultúrtha – itheann gach
teaghlach Francach “croissants” agus ólann siad café au lait don bhricfeasta; tá clog cuaiche i ngach teach Eilvéiseach.
Ach ar leibhéal dáiríre, is féidir úsáid a bhaint as mar uirlis chumhachtach chun daoine a fhágáil ar lár go sóisialta – iad
siúd nach bhfuil teanga, creidimh agus nósanna an náisiúin acu níl áit ar bith ann dóibh ina chríocha.
Nuair a chónaíonn daoine le chéile forbraíonn siad na dearcthaí céanna, na creidimh chéanna, agus na patrúin iompair
chéanna; thar am bíonn an stair chéanna acu; agus cruthaíonn a stair choiteann rudaí cultúrtha dá lán cineálacha
éagsúla – saothair ealaíne i meáin éagsúla, ach institiúidí agus córais riaracháin freisin, rialtas agus dlí. Ag an am céanna,
áfach, tá baint ag gach duine dínn lena lán fochultúr, roinnt díobh a bhfuil tréithe coitianta acu agus roinnt eile díobh
atá scoite. I gcuid 1.2 chonaiceamar an tslí a múnlaíonn cultúr an bhaile an t-eolas ar ghníomh atá ag páistí réamhscoile;
nuair a thosaíonn siad ar scoil, cloiseann siad agus feiceann siad na nósanna cultúrtha a mhúnlaíonn oideachas
bunscoile in Éirinn, seans gurb ionann nó nárb ionann na nósanna seo agus na nósanna a bhfuil taithí acu orthu cheana
féin; agus in am trátha beidh siad ina mbaill de chultúir eile – cumainn, clubanna spóirt, gairmeacha agus mar sin de.
Níl aon rud nua faoi éagsúlacht chultúrtha, fiú taobh istigh de shochaithe atá aonchineálach de réir cosúlachta; an rud
atá nua is í ár dtuiscint go n-ullmhódh oideachas páistí, déagóirí agus daoine fásta óga chun éagsúlacht agus difríocht
a aithint, a thuiscint agus chun meas a bheith acu orthu.
Seo an teachtairecht atá in Oideachas Idirchultúrtha sa Bhunscoil, a d’fhoilsigh an CNCM in 2003:
“Bíonn meas ag” oideachas idirchultúrtha “ar normáltacht éagsúlachta agus ceiliúrann sé agus aithníonn sé í i
ngach réimse de shaol an duine” agus “cuireann sí comhionannas agus cearta daonna chun cinn, seasann sí in
aghaidh leithcheal éagothrom, agus cuireann sí na luachanna chun cinn ar a bhfuil comhionannas tógtha.”
23
Leagan de ó M. Byram, Multicultural societies, pluricultural people and the project of intercultural education, Strasbourg: Comhairle na hEorpa, 2009,
lgh. 6–7. Ar fáil ag https://rm.coe.int/multicultural-societies-pluricultural-people-and-the-project-of-interc/16805a223c
PPLI delivering
16
Supported by