PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 14
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
1.4 Cur chuige comhtháite i leith mhúineadh agus noghlaim na Gaeilge agus an Bhéarla
Mar a dúramar i gcuid 1.1, is leagan den chur chuige ilteangach é Curaclam Teanga na Bunscoile mar go bhfuil sé mar
aidhm aige taithí foghlama a sholáthar do dhaltaí ina dtacaíonn Béarla, Gaeilge agus nuatheangacha iasachta lena
chéile. Aithníonn réasúnaíocht an churaclaim gur rud “lárnach” í teanga “maidir leis an tslí agus an rud a fhoghlaimímid”
agus gurb í “ár bpríomhshlí” í “le cumarsáid inphearsanta agus idirphearsanta a dhéanamh”, ag lua go “bhforbraíonn”
teanga “trí chumarsáid – trí fhaisnéis a thabhairt, a fháil agus trí chiall a bhaint aisti”. 21 Sainmhíníonn an réasúnaíocht
foghlaim teanga mar “phróiseas comhtháite” gurb é an toradh é de “chaidreamh agus de chomhráite ciallmhara” agus
go bhfuil aistriú scileanna idir teangacha i gceist. 22 Chun príomhchoincheap a chur in oiriúint ó Chomhchreat Targartha
na hEorpa um Theangacha, tá sé mar aidhm ag Curaclam Teanga na Bunscoile cabhrú le daltaí cumas cumarsáideach
a fhorbairt ina mbeidh an t-eolas uile agus an taithí uile atá acu in úsáid i mBéarla, i nGaeilge agus i dteangacha eile
agus ina nascfaidh Béarla, Gaeilge agus teangacha eile le chéile agus iad ag idirghníomhú.
Dá bharr sin, tá baint dhíreach ag na prionsabail oideolaíocha intuigthe i gcur chuige ilteangach Chomhchreat Targartha
na hEorpa um Theangacha (feic cuid 1.1) le Curaclam Teanga na Bunscoile:
•
Ba chóir go mbeadh múineadh agus foghlaim na Gaeilge agus an Bhéarla bunaithe ar úsáid teanga atá
spontáineach agus fíor; cinntíonn seo go bhfuil an dá theanga ina gcuid lárnach de thaithí chumarsáideach laethúil
daltaí.
•
Ba chóir go dtarraingeodh múineadh agus foghlaim ar na hacmhainní teangeolaíocha go léir atá ar fáil
d’fhoglaimeoirí, is cuma má tá nó nach bhfuil daltaí a bhfuil teanga bhaile acu seachas an Béarla nó an Ghaeilge sa
rang.
•
Ba chóir go n-aithneodh múineadh agus foghlaim gur rudaí scoite iad Béarla agus Gaeilge agus go bhfuil difríocht
mhór eatarthu maidir le stór focal, moirfeolaíocht, comhréir agus fóineolaíocht.
•
Nuair a spreagann múineadh machnamh ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí idir an dá theanga, ba chóir go
gcabhródh sé le daltaí feasacht teanga a fhorbairt agus tuiscint a fháil ar cad a chiallaíonn sé le foghlaim conas
teanga a fhoghlaim. Nuair a mhúintear Béarla agus Gaeilge sa tslí seo ón tús ullmhaíonn sé daltaí do theangacha
baile a chur san áireamh agus iad sa rang, agus do theacht isteach nuatheangacha iasachta i gcéim 3 agus 4.
21
22
Curaclam Teanga na Bunscoile, lch. 7
Curaclam Teanga na Bunscoile, lch. 8.
PPLI delivering
14
Supported by