PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 12
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Nuair a fhreastalaíonn páistí ó bhailte Béarla ar bhunscoil in Éirinn, chun eolas scoile a athrú go heolas ar ghníomh
caithfidh siad a n-eolas teangeolaíoch a leathnú de réir a chéile ina gcéad teanga, ag cur scileanna litearthachta leis, ag
sealbhú na bhfocal agus na bhfrásaí atá i bpríomhchoincheapa an churaclaim, agus in am trátha ag fáil máistreacht ar
na sainréimeanna teanga agus seánraí a bhaineann leis na hábhair éagsúla curaclaim. Tá dúshlán níos mó ar fad roimh
pháistí as teaghlaigh nach labhraíonn Béarla sa bhaile mar nár shealbhaigh siad a n-eolas ar ghníomh i leagan a
bhaineann le teanga na scolaíochta. Mar sin, níl aon bhealach éasca chun idirghníomhú tairbheach a chur chun cinn
idir eolas scoile agus a n-eolas ar ghníomh.
Is minic a ghlactar leis, in Éirinn mar a ghlactar leis i dtíortha eile, go ndéanfadh teaghlaigh imirceach dul chun cinn níos
tapúla má dhéanann siad iarracht dearmad a dhéanamh dá dteanga bhaile agus má dhíríonn siad a bhfuinneamh go
léir ar mháistreacht a fháil ar theanga na scolaíochta. Dá bharr seo, cuireann roinnt scoileanna cosc ar úsáid teangacha
baile in áit ar bith sa scoil. Tá a leithéid de pholasaí cruálach, óir, mar a dúradh i gcuid 1.2, is í an teanga a shealbhaíonn
páistí ar dtús go luath ina saol an teanga trína sealbhaíonn na páistí a n-eolas ar ghníomh agus dá bharr sin, tá sí lárnach
i bhféiniúlacht na bpáistí sin. Más gá do na daltaí fáil réidh lena n-eolas ar ghníomh agus lena bhféiniúlacht agus iad ag
teacht trí gheataí na scoile, is ar éigean atá a leithéid ag soláthar timpeallacht dhaingean chothaitheach a deir Curaclam
na Bunscoile atá riachtanach d’fhoghlaim éifeachtach. Agus tá sé amaideach cosc a chur ar úsáid teangacha baile. Is í an
teanga seo a mhúnlaigh eolas ar ghníomh agus féiniúlacht na ndaltaí, agus is í an teanga seo an chéad mheán a úsáidfidh
siad ina smaointeoireacht dioscúrsach agus is í an teanga seo a gcéad uirlis chognaíoch; in áit cosc a chur uirthi, caithfimid
teacht ar bhealaí chun cabhrú leo í a úsáid. Ní éireoidh leis an bpolasaí chun cosc a chur ar úsáid teangacha baile ar scoil
choíche, mar nach féidir iad a chur faoi chois choíche sa sruth focal gan chríoch i meon na ndaltaí.
Mar sin, conas is féidir seo a réiteach? D’aithin Scoil Bhríde (Cailíní) gur gá do scoil a bhí ionchuimsitheach i gceart teacht
ar bhealaí le húsáid a bhaint as an eolas ar ghníomh a bhí ag na daltaí uile, agus ghlac an scoil le polasaí chun daltaí ó
theaghlaigh imirceach a spreagadh chun a dteanga bhaile a úsáid do cibé cuspóirí a chonacthas dóibh a bhí oiriúnach,
taobh istigh den seomra ranga agus taobh amuigh de chomh maith. Agus chuir seo ar chumas na scoile an dara ceann
de na prionsabail oideolaíocha atá mar bhonn faoin gcur chuige ilteangach a chur i bhfeidhm: Ba chóir do mhúineadh
agus d’fhoghlaim tarraingt ar na hacmhainní go léir atá ar fáil d’fhoglaimeoirí (cuid 1.1 thuas). Fuair na naíonáin
shóisearacha amach go tapa cé acu de na páistí eile a labhair a dteanga féin nó teanga a bhí an-chosúil léi, rud a
chabhraigh leo agus iad ag obair i bpéirí nó i ngrúpaí beaga. Caitheadh le foghlaim comhairimh agus le meaitseáil
dathanna agus cruthanna mar ghníomhaíochtaí ilteangacha* – rinneadh iad i mBéarla, i nGaeilge agus i dteangacha
baile. Sa tslí seo, chuir cumas na ndaltaí ina dteanga bhaile lena bhfoghlaim in ábhar curaclaim agus sa dá theanga eile
(Béarla agus Gaeilge). Seo an rud atá Déanann Teangacha Nasc ag maíomh nuair a deir sé go gcuireann cumas daltaí
imirceach ina dteanga bhaile le forbairt a gcumais i mBéarla/i nGaeilge. 18
I Scoil Bhríde d’iarr múinteoirí go rialta ar dhaltaí ó theaghlaigh imirceach eochairfhocail agus eochairchoincheapa i
mBéarla/i nGaeilge a insint don chuid eile den rang ina dteanga bhaile, agus ó aois an-óg spreag siad daltaí chun
comparáid a dhéanamh idir na teangacha éagsúla sa rang, Béarla agus Gaeilge san áireamh. Chabhraigh seo leis na
18
Déanann Teangacha Nasc, lch. 30.
PPLI delivering
12
Supported by