ppli.ieTeanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwanmheasúnú, ceisteanna ábhartha a chur, eolas tábhachtach a aithint, bun na faidhbe a aithint, réitigh a mholadh, agusbreithiúnais eolacha a dhéanamh” (cf. an ceathrú ceann de na prionsabail oideolaíocha a bhfuil achoimre déanta airthuas i gcuid 1.1). 17Maidir le múineadh agus foghlaim sa bhunscoil tá an próiseas i bhfad níos casta ná mar is féidir leis an achoimre ghairidseo a léiriú go héasca, tá sé níos casta fós ná sin mar go bhfuil gá ann scileanna litearthachta daltaí a fhorbairt. Ar angcéad dul síos, is gá iad a mhúineadh conas an focal labhartha a léiriú i bhfoirm scríofa, ach ó chéim measartha luath agfoghlaim an dóigh le léamh agus le scríobh ciallaíonn sé freisin ag foghlaim an dóigh le cumarsáid a dhéanamh i sliteatá éagsúil go mór leis an gcumarsáid bhéil a mhúnlaigh a saol go dtí seo. Braitheann cumarsáid bhéil ar chomhthéacs:is le tuiscint agus cruthú céille a thacaíonn leideanna paratheangeolaíocha (tuin chainte, comharthaí, féachaint sa tsúil,aiseolas agus araile) agus gneithe a bhaineann leis an saol thart timpeall (daoine agus rudaí a fheiceann an cainteoir, anghrian atá deas te nó róthe, an bháisteach atá ag fliuchadh an chainteora). Roimh aon chumarsáid eile tá gá le cumarsáidden chineál seo le haghaidh shealbhú teanga an pháiste agus le haghaidh shealbhú nádúrtha, mar a thugtar air, an darateanga agus teangacha iasachta; forbraíonn páistí teanga chomhráiteach de réir mar a shealbhaíonn siad a n-eolas arghníomh. Ach i gcás teanga acadúil, de ghnáth, is teanga í nach mbraitheann an oiread sin ar chomhthéacs: is é an téacslabhartha nó scríofa atáimid ag iarraidh a thuiscint nó a chruthú a sholáthraíonn na leideanna a dhíríonn ar an gciall. Nílteanga acadúil ag aon pháiste mar theanga bhaile; forbraíonn sin le sealbhú eolas scoile agus litearthachta.Tá sé tábhachtach ceithre rud a dhéanamh soiléir maidir leis an difríocht idir teanga chomhráiteach agus teanga acadúil.(1) Ó taobh na cognaíochta de níl an difríocht scríofa i gcloch agus is minic a bhíonn na teorainneacha doiléir. Marshampla, níl mórán stró cognaíoch ag baint le comhrá idir cairde, ach le linn comhrá den chineál seo, má dhéanann túiarracht do dhearcadh féin a chur ina luí ar dhaoine eile, seans go n-éireoidh an comhrá níos dúshlánaí ó thaobh nacognaíochta de. É sin ráite, i gcaint sa seomra ranga, bíonn sleachta go rialta as teanga chomhráiteach agus as teangaacadúil; seo an t-aon slí ar féidir an t-eolas ar ghníomh agus an t-eolas scoile atá ag daltaí a tharraingt le chéile ar shlírathúil. (2) Cé go bhforbraíonn teanga acadúil le sealbhú litearthachta, baineann roinnt tascanna scríbhneoireachtaúsáid as teanga chomhráiteach (e.g. r-phoist, teachtaireachaí téacs), agus baineann teanga acadúil úsáid as cuid mhaithden chumarsáid labhartha a tharlaíonn i seomraí ranga agus i gcomhthéacsanna acadúla eile. (3) Tarlaíonn teanga acadúilsna comhthéacsanna go léir a bhaineann le foghlaim fhoirmeálta; cloiseann páistí sa naíonra í i leagan bunúsach chomhluath agus a bhogann an bhéim ó “anseo agus anois” go “ansiúd agus ansin”. (4) Ní i dtimpeallachtaí oideachasúlafoirmeálta amháin atá teanga acadúil in úsáid; tá sé luachmhar agus bailí ina lán comhthéacsanna taobh amuigh denseomra ranga nó den léachtlann. I bhfocal eile, is sprioc oideachasúil uileghabhálach í máistreacht ar theanga acadúil.17Ibid., lch. 16.PPLI deliveringSupported by11
It seems that your browser's pop-up blocker has prevented us from opening a new window/tab. Please click the button below to open the link manually.