Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 8
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Aithne a Chur Ort
Féach lgh.
6-9
Achoimre:
Beannú daoine agus á gcur in aithne – is ceann de na chéad ghnásanna iad is gá a noghlaim faoi chultúir éagsúla,
agus i dteangacha éagsúla. Cuirfidh páistí aithne níos fearr ar a n-oide agus ar a chéile. Foghlaimeoidh siad conas
beannú dá chéile, a n-ainm a thabhairt, agus a mothúcháin a chur in iúl i rólimirt, agus is féidir leo cleachtadh a
dhéanamh le hainmneacha bréige. Is gá aird faoi leith a thabhairt ar conas ainmneacha a rá i gceart, mar go bhfuil
ár gcéad ainm i gcroílár ár bhféiniúlachta.
Intinní foghlama:
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh ar chumas páistí...
• Beannú don oide agus dá chéile
• Iad féin a chur in aithne dá bpáirtithe ranga agus don oide
• Mothúcháin bhunúsacha a thuiscint
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Réimsí agus Ábhair
Strands
Oideachas Ealaíon – Drámaíocht
Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus smaointe a
iniúchadh, agus ansin a thuiscint
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte Mé féin
Gníomhaíochtaí molta
• Cuireann an t-oide é/í féin in aithne do na páistí (is féidir puipéad nó carachtar eile
Sula dtosaímid:
An féidir leat tú féin
a chur in aithne i
dteangacha
éagsúla?
a úsáid, a chuireann é féin in aithne freisin, agus/nó daoine fásta eile sa seomra
ranga a chur san áireamh)
• Gearrthóga físeáin/fuaime de chomhráití gairide ina gcuireann daoine óga iad féin
in aithne
• Cluichí a chuireann le stór focal, iad bunaithe ar bheannú bunúsach + ‘X is ainm
dom’
• Déan cleachtadh ar ‘beannú + ‘X is ainm dom’ + ainm’, le páirtithe ranga. Is féidir é sin a dhéanamh i
mbeirteanna/ngrúpaí nó trí chluiche ciorcail a imirt, áit a gcaitear liathróid nó teidí thart, agus cibé duine a bheireann
air, beannaíonn agus cuireann sé/sí é/í féin in aithne
• Iarr ar pháistí an beannú ar ‘Dia dhuit’ a rá in aon teanga atá ar eolas acu, agus cruthaigh léiriú amhairc de na
teangacha sa rang (roth, bláth, néal focal etc.). Iarr orthu ainm gach teanga a chur in aice leis na focail
Curtha ar fáil ag
8
Tacaithe ag