Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 4
Treoir do na rannóga i ngach plean
Tá an téama lárnach sa phríomhtheideal.
Cuireann an Réamhrá an plean i láthair, trí nasc a dhéanamh le haidhmeanna agus réasúnaíocht an
mhodúil.
Déanann na hIntinní Foghlama cur síos ar na torthaí foghlama ba chóir do na páistí a léiriú i ndiaidh
dóibh dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí éagsúla.
Léiríonn na Naisc le Curaclam na Bunscoile féidearthachtaí le haghaidh deiseanna traschuraclaim
agus idirnascadh le réimsí, ábhair agus snáitheanna eile de Churaclam na Bunscoile. D’oidí nach bhfuil
cur amach acu ar Churaclam na Bunscoile, beidh sé úsáideach nascadh leis na múinteoirí bunscoile
óstacha, chun an Curaclam a iniúchadh. Ar an lámh eile, seans go smaoineoidh múinteoirí bunscoile
ar na gníomhaíochtaí a leathnú amach a thuilleadh trí cheangal le réimsí curaclaim nach bhfuil
liostaithe anseo.
Tugann an dá rannóg ‘Sula dtosaímid agus Sula gcríochnaímid deiseanna machnaimh do na páistí
agus don rang, roimh shraith gníomhaíochtaí agus ina ndiaidh. Mar aon leis an bPas Teanga, bíonn
siad leis na páistí ar a n-aistear i dtreo cumas níos fearr ar chumarsáid, ar fheasacht teanga, ar fheasacht
idirchultúrtha agus ar thuiscint ar a gcuid straitéisí foghlama féin.
Ní liosta iomlán iad na Gníomhaíochtaí molta, mar atá cur síos déanta orthu thuas. Cuireann siad béim
ar naisc le Curaclam Teangacha na Bunscoile agus cuireann siad comhtháthú na dtrí shnáithe chun
cinn: teanga ó bhéal, léamh agus scríobh na teanga. Tá scileanna litearthachta agus uimhearthachta
san áireamh sna hintinní foghlama agus mar sin tacaíonn réimse gníomhaíochtaí leo.
Tá íocón an Phas Teanga ina mheabhrú amhairc de na leathanaigh ábhartha a d’fhéadfadh múinteoirí
iarraidh ar na páistí féachaint orthu, iad a líonadh isteach agus machnamh a dhéanamh orthu i rith
an ranga nó ina dhiaidh.
Maidir leis an dá rannóg Rudaí ar éirigh go maith leo... agus Bheadh siad níos fearr dá..., is deis iad seo
do mhúinteoirí a gcuid tuairimí a scríobh ar ghnéithe éagsúla de na ceachtanna, ina measc:
bainistíocht ama agus ranga, spreagadh agus rannpháirtíocht páistí; rath na bpáistí maidir leis na
hintinní foghlama; conas éifeachtacht an ranga nó éifeachtacht gníomhaíochtaí faoi leith a fheabhsú;
smaointe breise chun intinní foghlama a bhaint amach níos fearr; agus go ginearálta, gach rud is fiú
a bhreacadh síos mar eolas duit féin sa todhchaí agus chun tacú le comhghleacaithe.
Tá súil againn go mbeidh na smaointe seo úsáideach daoibh, agus thar aon ní eile, go mbainfidh na
páistí sult as spraoi a bheith acu agus iad ag dul i ngleic le teangacha.
An Fhoireann Bhunscoile ag PPLI
4