Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 3
Réamhrá
Na 7 phlean atá sa leabhrán seo cuireadh ar fáil iad chun tacú le múinteoirí a chuirfidh an Modúl
Samplach do Bhunscoileanna ar fáil in aon cheann de na nuatheangacha iasachta. Tá an modúl
samplach 10 seachtaine dírithe ar pháistí ó rang 3 go rang 6, agus mairfidh sé suas go huair an chloig
sa tseachtain taobh istigh de ghnáthchlár ama na scoile.
Tá sé mar aidhm ag an Modúl Samplach:
•
Feasacht a ardú i measc páistí ar an réimse teangacha a úsáideann a bpiaraí - Teanga
Chomharthaíochta Éireann san áireamh - ina scoileanna agus ina bpobail, rud a chabhróidh le
cuimsiú agus tuiscint níos fearr ar ilchineálacht sa tsochaí
•
Roghnú teangacha a spreagadh ag an dara leibhéal
•
Deiseanna a chur ar fáil do leibhéil chomhoibrithe níos fearr sa phobal scoile maidir le ceiliúradh
ar theangacha agus ar chultúir
•
Tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise um Theangacha Iasachta
Ba mhaith linn a chur ar bhur súile daoibh nach bhfuil ach moladh i gceist le hord na rannóg sa
leabhrán seo, b’fhéidir go mb’fhearr le múinteoirí ord eile a leanúint. Ach leanann an t-ord dul chun
cinn na rannóg sa Phas Teanga, agus iarrtar ar mhúinteoirí páistí a spreagadh chun dul i ngleic leis na
rannóga cuí sa Phas agus iad ag foghlaim.
Ní bhaineann na pleananna le teanga ar leith, agus tá siad cruthaithe againn le bheith chomh solúbtha
agus is féidir. Mar thoradh air seo, seans go gceapfaidh múinteoirí go bhfuil gá le hábhar breise, stór
focal don teanga faoi leith, íomhánna nó luaschártaí. Iarraimid ar mhúinteoirí féachaint ar na cáipéisí
breise atá ar fáil le híoslódáil ónár suíomh.
I ngach plean, tá réimse gníomhaíochtaí chun freastal ar leibhéil páistí éagsúla, ó na páistí is óige i
rang a trí go dtí na páistí is sine i rang a sé. Socróidh múinteoirí cé acu ab fhearr leo a úsáid ina rang,
agus conas iad a leasú le freastal ar an gcomhthéacs atá acu.
An rud is tábhachtaí, molaimid dár gcomhghleacaithe spontáineacht na bpáistí a spreagadh trí spás
sábháilte a chruthú ina dtugtar moladh do gach iarracht, agus ina mbeidh luach ar chumarsáid
seachas ar chruinneas. Tá súil againn go dtabharfar guth do gach páiste, mar aon le deis feiceála agus
cloisteála dá dteangacha. Ar deireadh, tá súil againn go dtacófar libh i dteagasc an mhodúil seo trí
chomhoibriú le múinteoirí eile, mar aon le tuismitheoirí agus caomhnóirí.
3