Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 24
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Mo Chaitheamh Aimsire
Gníomhaíochtaí molta
• Is féidir spléach-chártaí ilteangacha a chruthú, le nithe a roghnaíonn na páistí a tharraingt agus lipéid a chur orthu i
dteangacha uile an tseomra ranga.
• Moltar d’oidí an cheist ‘An maith leat…’ a thabhairt isteach agus cluichí á n-imirt le spléach-chártaí, chun na páistí a
spreagadh lena húsáid agus iad ag cur ceist ar a chéile.
• Is féidir gearrthóga físeáin nó amhráin ghairide a sheinm chun an stór focal a threisiú agus chun blaiseadh a thabhairt
de na rudaí a thaitníonn agus nach dtaitníonn le páistí i dtíortha eile.
• Tugann gníomhaíocht mata teanga (ar scáileán nó ar pháipéar) deis do pháistí pictiúr den rud a thaitníonn leo mar
rang a chruthú: cuireann gach páiste focail ar chuid den mhata teanga (b’fhéidir go mbeadh ceithre chuid ar an mata,
ó ‘Is aoibhinn liom’ go ‘Ní maith liom ar chor ar bith’). Ansin, mar ghrúpa, is féidir leis an rang a bhfreagraí a chur i lár an
mhata. Is féidir dréimirí rangaithe a úsáid chun na freagraí a eagrú.
• Cuireann an t-oide na cineálacha bunúsacha caitheamh aimsire agus spórt i láthair. Is féidir le páistí cártaí a
dhéanamh, nó is féidir cártaí réamhdhéanta a úsáid chun an stór focal a léiriú.
• Iarrann an t-oide ar pháistí cineálacha eile caitheamh aimsire a chur leis an liosta, más mian leo.
• Is féidir cluichí éagsúla a imirt chun an stór focal a threisiú, mar shampla:
- Searáidí: déanann an t-oide mímeáil, déanann páistí tomhas tríd an gcárta cuí a chur san aer agus iarracht a
dhéanamh an focal/nath a rá.
- Seas suas má dhéanann tú é seo: deir an t-oide an focal/nath agus lá na seachtaine, freagraíonn na páistí.
- Snap (bualadh bos uair amháin nó dhó): comharthaíonn an t-oide na focail/nathanna agus taispeánann sé/sí
íomhánna in ord randamach. Nuair nach meaitseálann dhá íomhá, buaileann páistí bosa uair amháin; nuair a
mheaitseálann dhá íomhá buaileann siad bosa faoi dhó.
- An rud atá in easnamh: Taispeánann an t-oide na focail/nathanna ar fad ar an gclár. Ansin tógann sé/sí ceann
amháin ar shiúl ag an am agus comharthaíonn na paistí cé acu ceann atá in easnamh
- Éist agus freagair: tugann an t-oide an nod, freagraíonn na páistí tríd an ngníomhaíocht a mhímeáil.
• Déan slabhra gníomhartha: tugtar gníomh do gach páiste. In ord faoi leith, deir gach páiste an gníomh agus déanann
mím, agus cuirtear slabhra gníomhartha le chéile. (Is féidir an slabhra a dhéanamh níos tapúla, droim ar ais, nó in ord
randamach)
• Piocann an t-oide suas spléach-chárta agus taispeánann sé/sí don rang é. Má thaitníonn an ghníomhaíocht sin le
páistí, seasann siad suas agus deir ‘Is maith liom…. Mura dtaitníonn sé le páistí, fanann siad ina suí agus deir ‘Ní maith
liom…’.
Curtha ar fáil ag
24
Tacaithe ag