Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 23
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Mo Chaitheamh Aimsire
Féach lgh.
6 - 10
12
Achoimre:
An chéad rud a noghlaimímid ar fad, agus muid ag foghlaim teanga nua, ná na rudaí a thaitníonn linn agus nach
dtaitníonn linn a chur in iúl. Is minic a labhraíonn páistí faoi na cineálacha caitheamh aimsire atá acu agus faoi na
rudaí a thaitníonn agus nach dtaitníonn leo agus iad ag cur aithne ar a chéile. Sa chéad sraith eile de ghníomhaíochtaí,
foghlaimeoidh na páistí conas stór focal bunúsach agus focail ghnímh a aithint agus a úsáid. Rachaidh siad i ngleic
freisin le bealaí simplí chun cineálacha caitheamh aimsire a chur in iúl.
Intinní Foghlama
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh na páistí ábalta...
• Rudaí a thaitníonn leo agus nach dtaitníonn leo a chur in iúl
• Focail ar chineálacha caitheamh aimsire coitianta a aithint
• Labhairt faoi cheann de na rudaí is mó a thaitníonn leo a dhéanamh
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Réimsí agus Ábhair
Snáitheanna
Oideachas Ealaíon – na hamharc-ealaíona
Tarraingt
Péint agus dath
Oideachas Ealaíon - Drámaíocht
Dráma chun mothúcháin, eolas agus smaointe a
iniúchadh, agus ansin a thuiscint
Corpoideachas
Gleacaíocht
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Mé Féin
Gníomhaíochtaí molta
• Glaoigh an rolla, abair freagraí na bpáistí ina ndiaidh agus malartaigh beannachtaí.
Sula dtosaímid:
Inis dom faoi roinnt de do
chineálacha caitheamh aimsire.
Cad a thaitníonn leat a
• Téigh siar ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le bia agus dathanna.
• Cuir abairtí in iúl a bhaineann le ‘Is maith/Ní maith liom’ ó bhéal ar dtús, agus
úsáid geáitsí agus gothaí gnúise, mar shampla.
• Is féidir leis an oide dul siar ar ábhar a d’úsáid sé/sí roimhe agus é/í ag caint faoi
bhia agus faoi dhathanna, mar shampla, chun na frásaí a chleachtadh.
dhéanamh i d’am saor?
• Is féidir cluichí simplí a imirt ar an gclár bán, ar scáileán nó le spléach-chártaí
fisiciúla. Beidh páistí ábalta nithe a shortáil, a mheaitseáil agus a mhalartú
bunaithe ar an taitneamh a bhaineann siad astu.
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag
23