Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 21
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Cad atá ar do Phláta?
Gníomhaíochtaí molta
• Imir cluichí ina nascann daltaí dathanna agus bianna
• Spreag daltaí chun cártaí ilteangacha a dhéanamh, ar a bhfuil bianna agus dathanna. Úsáidfear na cártaí sin i gcluichí
eile freisin e.g. snap, péirí, cluichí cuimhne
• Cuireann an t-oide béile a thaitníonn leis/léi i láthair, agus é/í ag rá ‘Is maith liom’ agus ag déanamh cur síos air. Tá
tagairtí do ghnáthbhéilí ar na Fíricí Fillte teanga atá ag páistí don teanga atá á foghlaim acu
• Tabhair cuireadh do na páistí an béile is fearr leo a lua, agus spreag iad chun é a tharraingt, a dhathú nó léiriú amhairc
a dhéanamh fiú agus na hábhair éagsúla atá ar fáil dóibh in úsáid
• Chun tuilleadh cleachtaidh a dhéanamh ar stór focal bia, d’fhéadfaí uimhreacha a thabhairt isteach mar ghné bhreise
ar na cártaí ilteangacha a chruthaigh na páistí. Sa tslí sin, déantar nasc idir dath, uimhir agus bia faoi leith.
• Imríonn páistí cluichí mata – suimiú agus dealú – bunaithe ar chomhábhair na mbéilí agus treoracha an oide
• Spreagann an t-oide an rang chun léiriú ildaite ilteangach amhairc a chruthú de na bianna is mó a thaitníonn leo
• Iarr ar dhaltaí smaoineamh faoi chosúlachtaí agus faoi dhifríochtaí idir gnásanna itheacháin daoine, mar aon le stór
focal a bhaineann le bia agus deoch i dteangacha éagsúla
Sula gcríochnaímid:
thug tú mórán difríochta
faoi deara sna cineálacha bia a
itheann daoine éagsúla?
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag
21