Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 20
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Cad atá ar do Phláta?
Féach lgh.
6 - 10
12
Achoimre:
Ó thír go tír, agus ó bhaile go baile sa tír chéanna, tá éagsúlacht ann maidir leis an mbia a itheann daoine i gcultúir
éagsúla, lena ndearcthaí maidir le bia, agus lena ngnásanna sóisialta maidir le bia a ithe le daoine eile. Tá an oiread
sin tábhachta ag baint le cultúr an bhia chun féiniúlacht a chruthú, go bhfuil steiréitíopaí le fáil thart ar ghnásanna
itheacháin daoine. Is deis iontach iad na béilí a itheann daoine le chéile, am lóin ar scoil ina measc, chun comhrá agus
caidreamh a dhéanamh le chéile. Sa tsraith seo gníomhaíochtaí, roinnfidh páistí gnásanna, nithe a bhfuil dúil acu iontu
agus nithe nach maith leo, le chéile.
Intinní foghlama:
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh ar chumas páistí...
• Cineálacha bunúsacha bia agus dí a aithint
• An mias is fearr leo a roinnt le chéile
• Bianna a thaitníonn leo agus nach dtaitníonn leo a chur in iúl
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Réimsí agus Ábhair
Snáitheanna
Matamaitic
Luathghníomhaíochtaí matamaitice
Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta - Eolaíocht
Ábhair a dhearadh agus a dhéanamh
Oideachas Ealaíona – Na hAmharc-Ealaíona
Líníocht
Péint agus dath
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Mé Féin
Gníomhaíochtaí molta
• Glaoigh an rolla, abair na freagraí in éineacht leis na páistí agus beannaigh dá chéile
• Deir an t-oide agus na páistí cén lá den tseachtain atá ann, le tacaíocht amhairc
Sula dtosaímid:
ón ábhar a chruthaigh siad roimhe seo
An bhfuil aon eolas agat
• Cuireann an t-oide bianna bunúsacha i láthair, bianna a úsáidtear in oidis go minic
ar aon bhéile traidisiúnta
• Déan gníomhaíochtaí a chuireann le stór focal (meaitseáil, an ceann corr,
ó thíortha eile?
fíor/bréagach, sórtáil). Mar shampla, d’fhéadfaí iarraidh ar dhaltaí na comhábhair
d’oidis faoi leith a bhailiú le chéile, nó an t-aon chomhábhar nach n-úsáidtear in
oideas faoi leith a aimsiú ar liosta
Curtha ar fáil ag
20
Tacaithe ag