Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 17
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Gnáthlá ar Scoil
Féach lgh.
6 - 10
Achoimre:
Beagnach gach lá sa seomra ranga, tarlaíonn gníomhartha, treoracha agus caidreamh cumarsáideach a úsáideann
an struchtúr agus na patrúin chéanna. Mar thoradh air sin, téann páistí i dtaithí ar an mbrí a bhaineann leis na gnásanna
seo. Is deis iontach iad chun na scileanna litearthachta atá acu i dteangacha áirithe a aistriú go teangacha eile. Sa
chéad sraith eile gníomhaíochtaí, déanfaidh páistí iniúchadh ar roinnt de na gnásanna seo, a neartóidh siad le himeacht
ama trí iad a úsáid.
Intinní foghlama:
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh ar chumas páistí...
• Laethanta na seachtaine agus uimhreacha a aithint
• Na straitéisí is fearr leo chun stór focal a fhoghlaim de ghlanmheabhair a thabhairt faoi deara
• Freagairt do threoracha simplí sa seomra ranga
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Réimsí agus Ábhair
Snáitheanna
Oideachas Ealaíon – Na hAmharc-ealaíona
Líníocht
Péint agus dath
Oideachas Ealaíon – Drámaíocht
Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus smaointe a
iniúchadh, agus ansin a thuiscint
Corpoideachas
Gleacaíocht
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Mé Féin
Gníomhaíochtaí molta
• Glaoigh an rolla, abair na freagraí in éineacht leis na páistí agus beannaigh dá
Sula dtosóimid:
Cad iad na rudaí a dhéanann
tú nó a deir tú beagnach
gach lá ar scoil?
chéile
• Cuir gníomhaíochtaí stór focal i láthair, cinn a bhaineann le gnásanna sa seomra
ranga (caidreamh a bhaineann leis an rolla, abair lá na seachtaine, oscail do
chóipleabhar, cuir suas do lámh, seas suas, suí síos agus treoracha eile san áireamh)
• Taispeánann an t-oide gearrthóg físeáin ina labhraítear an teanga
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag
17