Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 15
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Cuir san Áireamh Mé
Gníomhaíochtaí molta
• Cuir liosta áirithe nithe sa seomra i láthair (troscán, agus gnéithe eile den seomra, fuinneoga/doirse/binsí, nithe i mála
scoile) agus imir cluichí a úsáideann uimhreacha chun na nithe seo a chomhaireamh. Fiafraigh de pháistí cé mhéad de
ní faoi leith atá ann/acu, agus beidh orthu sin a mheaitseáil leis an uimhir cheart
• Is féidir le páistí cártaí ilteangacha a chruthú ar a bhfuil uimhreacha, agus iad a úsáid chun dúshlán a thabhairt a chéile
maidir le suimeanna simplí
• Is féidir cártaí biongó a thabhairt do pháistí, nó is féidir leo féin iad a dhéanamh agus ansin an cluiche a imirt. Cluiche
eile: tabhair uimhir do gach páiste agus iarr orthu na huimhreacha a thabhairt i slabhra (tabhair treoracha éagsúla
chun éagsúlacht a chur sa chluiche: léim gach dara uimhir, comhair droim ar ais, gach uair a dhéanaimid botún
tosóimid arís)
• Is féidir a lán cluichí gníomhacha a imirt le huimhreacha, an cluiche ‘Gabh an Bhratach’ san áireamh, nó téadléimneach
agus tú ag comhaireamh. B’fhéidir go mbeidh oraibh dul lasmuigh den seomra ranga chun iad seo a imirt chun spás
taobh amuigh nó sa ghiomnáisiam a úsáid
• Cuir uimhreacha simplí (1 go 10) i láthair in amhrán nó i rap le fonn simplí a fhanann san intinn
• Iarr ar pháistí uimhreacha a aistriú go teangacha a úsáideann an rang. Déan na liricí (uimhreacha) soiléir do gach
duine (ar chlár bán, teilgeoir nó eile) agus spreag iad chun an t-amhrán nó an rap a chanadh sna teangacha éagsúla.
Iarr ar dhaltaí a bhfuil teangacha eile acu cuidiú leis an bhfoghraíocht
Sula gcríochnaímid:
Cé na rudaí / Cén rud is mó a
chuidigh leat uimhreacha agus
focail eile a fhoghlaim? An dóigh leat
go mbainfeá sult as a bheith ag
éisteacht le hamhráin i
dteanga eile?
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag
15