Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 12
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Teangacha Thart Orm
Gníomhaíochtaí molta
• Déan gníomhaíochtaí leo seo, mar shampla:
- Iarr ar pháistí brí na bhfocal a oibriú amach ón bpictiúr agus ón taithí atá acu ar theanga(cha) atá ar eolas
acu
- An féidir leo an teanga a thomhas ó na pictiúir
• Iarr ar pháistí liosta a dhéanamh de na teangacha a fheiceann/úsáideann siad i gcomhthéacsanna éagsúla. Is féidir leo
iad a nótáil ar leathanach 5 den Phas Teanga. Is féidir leo freisin, cuidiú a iarraidh ar bhaill teaghlaigh sa bhaile
• Cuireann an t-oide focail ó theangacha éagsúla i láthair, a úsáidimid go rialta i nGaeilge agus i mBéarla freisin, mar aon
le focail Ghaeilge nó Bhéarla a úsáidtear i dteangacha éagsúla. Seans go mbainfidh na focail seo le bia, nithe agus
focail eile a úsáideann siad go coitianta. (Déan gníomhaíochtaí éagsúla – meaitseáil, an ceann corr, fíor/bréagach,
sórtáil, mar shampla.)
• Pléigí na straitéisí a d’úsáid siad chun na freagraí cearta a thomhas
• Fiafraíonn an t-oide de na páistí conas na focail ón ngníomhaíocht dheireanach a rá i gceart. Déarfaidh roinnt páistí na
focail i gceart sna teangacha a bhfuil eolas acu orthu, agus tabharfaidh an t-oide foghraíocht na bhfocal sa teanga atá
á foghlaim acu.
• Spreag na páistí chun machnamh a dhéanamh ar na focail a fheiceann siad agus a chloiseann siad thart orthu. Cuir
ceisteanna mar seo:
- An bhfeiceann tú litriú nó litreacha éagsúla?
- An féidir leat a oibriú amach conas an focal a rá trí fhéachaint ar an litriú?
- An ndeir daoine focail Ghaeilge/Bhéarla mar an gcéanna i dteangacha eile?
- An aithníonn tú cosúlachtaí idir focail sna teangacha atá ar eolas agat agus iontu siúd atá á bhfoghlaim agat?
• Iarr ar pháistí focail a nótáil ar leathanach 6, 7 nó 8, de réir mar is cuí, sa Phas Teanga
• Fiafraigh de pháistí conas a dhéanann siad iarracht brí focail nua a oibriú
amach, agus conas a fhoghlaimíonn siad iad; is féidir leo a bhfreagraí a
bhreacadh síos ar leathanach 9 den Phas Teanga
Sula gcríochnaímid:
Pléigh do chuid freagraí ar
• Is féidir na páistí a spreagadh le baile ilteangach dá gcuid féin a chruthú,
áit a mbíonn lipéid i dteangacha éagsúla ar fhoirgnimh, spásanna agus
nithe. Is féidir leo úsáid a bhaint as an teimpléad ar leathanaigh 32-33 de
leathanach 9 le do pháirtithe ranga,
agus roinn iad leis an gcuid
eile den rang
Taiscéalaithe Teanga, nó a gceann féin a dhéanamh.
Curtha ar fáil ag
12
Tacaithe ag