LCA-Activity Pack IRISH - Flipbook - Page 3
Gníomhaíochtaí Teanga a bhaineann leis
an obair, ar féidir iad a úsáid mar chuid den
taithí oibre ATF/GCAT
Tá an saol oibre athraithe go mór le 20 bliain anuas. Tá an éagsúlacht in
áiteanna oibre in Éirinn níos mó ná riamh - tagann oibrithe ó thíortha
éagsúla agus labhraíonn siad neart teangacha nach Béarla iad. Nuair a
bhíonn scoláirí ar thaithí oibre, bíonn deis acu machnamh a dhéanamh ar an
éagsúlacht seo. Mar dhaoine a bheidh ag obair in Éirinn, san Eoraip nó in
áiteanna eile amach anseo, is gá a thuiscint go mbeidh úsáid teangacha
agus an caidreamh idir náisiúntachtaí agus cultúir éagsúla níos comónta sa
todhchaí.
Déanfaidh an paca gníomhaíochtaí seo an fheasacht a ardú i measc scoláirí
ATF/GCAT maidir leis an éagsúlacht san áit oibre, agus spreagfar iad le
machnamh a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le teangacha san áit oibre.
Gníomhaíochtaí
I=
II =
III =
Cur síos
Am a mheastar leis an tasc
Tá cur síos ar an obair le gach gníomhaíocht
Tá an t-am a mheastar le gach tasc luaite.
Cumas atá ag teastáil
Acmhainní
Tá leibhéal cumais luaite le gach gníomhaíocht
Tá liosta acmhainní a bheidh ag teastáil luaite le
gach gníomhaíocht
beidh gá le focail agus abairtí gearra
beidh gá le stór focal níos fairsinge agus abairtí
níos faide
beidh gá le stór focal níos coimpléascachaí agus
abairtí
Torthaí Foghlama
Tugtar torthaí foghlama a bhaineann le scileanna
agus teangacha le gach gníomhaíocht.
3