LCA-Activity Pack IRISH - Flipbook - Page 22
Ag obair le teangacha
Tá na gníomhaíochtaí seo ann chun deis a thabhairt do scoláirí:
>
Focail agus frásaí a bhaineann leis an obair sa sprioctheanga a fhoghlaim agus a úsáid
>
Plé a dhéanamh ar thábhacht na dteangacha iasachta san áit oibre
>
An fheasacht a bhaineann le tábhacht na dteangacha iasachta a fhorbairt
>
Plé a dhéanamh ar an nasc idir teangacha iasachta agus gairmeacha
>
An fheasacht idirchultúrtha san áit oibre a fheabhsú
>
Cainteoirí na dteangacha oidhreachta a mholadh chun leas a bhaint as teangacha oidhreachtasan áit oibre.
>
Leas a bhaint as uirlisí digiteacha
>
Ionspioráid a fháil chun teangacha iasachta a chur san áireamh agus pleananna a bhaineann legairmeacha á
ndéanamh
Ag obair le tacaíochtaí teanga:
>
Nasc níos láire a bhunú idir oideachas agus an pobal i gcoitinne (Plean Gníomhaíochta don Oideachas, DES
2017)
>
Rannpháirtíocht fostóiri a fheabhsú trí fheabhas a chur ar theangacha trádála (Languages Connect, DES
2017)
>
Ag cabhrú le soláthróirí oideachais agus oiliúna chun fócas níos láidre a chur ar dheiseanna forbartha a
ligeanndo dhaoine scileanna a fháil atá ábhartha sa tsochaí agus sa gheilleagar. Tá an t-éileamh is mó ar
Ghairmithe, Gairmithe Comhlacha agus daoine ilteangacha. Mothaíonn 85% de scoláirí gur fhoghlaim siad
scileanna nua sanidirbhliain agus i measc bhuntáistí an chláir tá scileanna nua a fhoghlaim, taithí oibre agus
soláthar ábhar. (Straitéis Náisiúnta Scileanna na hÉireann 2015, DES 2016)
>
Béim ar leith a chur ar scileanna TFC, cumas teanga agus an fhiontraíocht de bharr a dtábhachta san
fhostaíocht (Straitéis Náisiúnta Scileanna na hÉireann 2015, DES 2016)
Tacaíonn obair le teangacha le príomhscileanna na Sraithe Sinsearaí
Próiseáil Eolais
Cumarsáid
Smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach
Ag obair le daoine eile
Bheith tiomanta
An foghlaimeoir
Tacaíonn obair le teangacha le réimsí foghlama agus cumais (NCGE)
Féinfhorbairt
Mo Chuid Foghlama a Fhorbairt
Mo Chonair Ghairme a Fhorbairt
Tacaíonn obair le teangacha le torthaí foghlama na Srithe Sinsearaí maidir leis na hábhair teanga:
Cumas cumarsáideach sa sprioctheanga
Feasacht faoi theanga agus cumarsáid
Tuiscint faoi cén chaoi le teanga iasachta a fhoghlaim
Feasacht chultúrtha
22