LCA-Activity Pack IRISH - Flipbook - Page 13
Gníomhaíocht 4
I MBUN AGALLAIMH - FEASACHT CHULTÚRTHA
MAR CHUID DEN AGALLAMH POIST
C ÁS OIBRE
Glaodh chun agallaimh thú. Ta a fhios agat go
mbeidh ort déileáil le daoine ó phobail éagsúla in
Éirinn sa phost. Tá feasacht chultúrtha
riachtanach agus cuirfear ceisteanna ort faoin
gcumas atá agat déileáil le daoine ó chúlraí
éagsúla.
ACMHAINNÍ A BHEIDH UAIT
Peann
Cén chaoi a bhfreagrófá na ceisteanna agallaimh
seo a leanas?
Úsáidfidh tú straitéisí a bhaineann le réiteach
fadhbanna agus cinnteoireacht
TOR ADH FOGHL AMA - SCILEANNA:
Beidh tú in ann tú féin a iompar ar bhealach a
chuirfidh tú chun cinn in agallaimh
Déanfaidh tú anailísiú ar na constaicí roimh
chomhionannas san áit oibre
1. Cén chaoi a ndéanann tú iarracht dearcthaí éagsúla
a thuiscint?
2. Cén chaoi a bhforbraíonn tú caidreamh le daoine a
thagann ó chúlraí cultúrtha atá éagsúil le do chúlra
féin?
3. Céard iad na scileanna cumarsáide briathartha agus
neamhbhriathartha atá agat le cumarsáid a
dhéanamh le daoine ó chúlraí cultúrtha éagsúla?
4. Cén chaoi a ndéanann tú freastal ar dhaoine nach
bhfuil tuiscint iomlán acu ar na rudaí is ceart agus
nach ceart a dhéanamh i gcultúr na hÉireann?
FÉINMHEASÚNÚ:
Tuairisceoirí 'is féidir'- cuir tic!
Is féidir liom: Mo scileanna maidir le feasacht
chultútha a chur in iúl
Is féidir liom: Machnamh a dhéanamh ar cén
chaoi ar féidir liom na scileanna
seo a úsáid
PRÍOMHSCILEANNA
> Forbairt ar chinnteoireacht agus forbairt gairme
> Cumarsáid éifeachtach adhéanamh le daoine eile
> Féinfhorbairt agus féinfhás ar feadh an tsaoil
Is féidir liom: Machnamh a dhéanamh ar
bhealaí le bheith níos feasaí ó
thaobh an chultúir de.
13