LC Language Adventures 2024 (A5) IRISH - Flipbook - Page 6
Eachtraí Teanga: Teangacha agus Cultúir a ghlacadh chugat féin sa bhunscoil
teangacha breise, na teangacha baile óna bhforbraíonn páistí a bhféiniúlacht.
Déanaimid ar fad naisc éagsúla leis na teangacha atá inár saol. Úsáidimid na
teangacha seo ar chúiseanna éagsúla agus i gcomhthéacsanna éagsúla agus tá
meas againn orthu ar chúiseanna éagsúla. Is céim thábhachtach é i dtreo
ionchuimsithe ar scoil agus inár sochaí go bhfaighimid tuiscint ar éagsúlacht
teanga, agus ansin go mbainimid leas as a chumas mar acmhainn.
Tagraíonn an téarma ‘modhanna iolraíocha i leith teangacha agus cultúr’ do
mhodhanna teagascacha a úsáideann gníomhaíochtaí teagaisc/foghlama ina
bhfuil roinnt (.i. níos mó ná ceann amháin) réimse teangacha nó cultúr’ (Candelier
et al, 2012).
Cuireann modhanna mar sin ar chumas múinteoirí a chinntiú gur féidir le páistí,
a bhfuil teanga(cha) baile nach í teanga na scolaíochta í, an curaclam a thuiscint
sna bealaí is éifeachtaí. Mar aon leis seo, tacaíonn modhanna iolraíocha le
múinteoirí a chinntiú go mbaineann gach páiste tairbhe as taithí a fháil ar
chultúir éagsúla, trí theangacha éagsúla a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí
scoile. Is féidir an modh ar a dtugaimid ‘léargas ar theangacha’ a úsáid go
héifeachtach chun ‘teanga an oideachais agus aon teanga eile a bhfuiltear á
foghlaim a chur san áireamh. Ach ní hiad na teangacha ‘foghlamtha’ amháin atá
i gceist, agus déantar imeascadh ar gach cineál eile teanga – óna mbailte, ón
timpeallacht agus ó gach cearn den domhan, gan on rud a fhágáil ar lár’
(Candelier et al, 2012).
Tagairtí
· Little, D. (2014) Affirming identity and extending agency: the plurilingual
individual, language education and social media. Paper presented for the
Symposium on Multilingualism and Social Media: Leeuwarden.
· Candelier, M. (coordinator), Camilleri-Grima, A., Castellotti, V., de Pietro, J-F.,
Lőrincz, I., Meißner, F-J., Noguerol, A., Schröder-Sura, A. (2012) FREPA. A
Framework of Reference for Pluralistic Approaches to Languages and
Cultures, Council of Europe.
· Kirwan, D. (2016) Learning outcomes in plurilingual environments:
reflections on curriculum, pedagogy and assessment, NCCA
6