LC Language Adventures 2024 (A5) IRISH - Flipbook - Page 5
Eachtraí Teanga: Teangacha agus Cultúir a ghlacadh chugat féin sa bhunscoil
Roinn 1
Cur chuige sa scoil uile
1.1 Machnamh
Chun machnamh éifeachtach a dhéanamh ar do chomhthéacs scoile féin,
b’fhéidir go mbeadh sé úsáideach smaoineamh ar na nithe thíos...
-
Cén tslí a gcuirfeá síos ar ‘d’fhéiniúlacht teanga’ féin?
-
Cad atá ar eolas agat faoi chúlra teanga do chuid páistí?
-
An spreagtar páistí i do scoil chun a bhféiniúlacht chultúrtha a chur in iúl
agus chun teangacha éagsúla a úsáid?
-
An dtugann tú bród faoi deara nuair a labhraíonn páistí teanga(cha) eile?
-
An léir duit go bhfuil suim ag páistí i bhfoghlaim faoi chultúir éagsúla
agus/nó go bhfuil siad fiosrach fúthu?
1.2 Réasúnaíocht agus oideolaíochtaí taca
Féiniúlacht – múnlaítear í sna timpeallachtaí ina bhfásann daoine aníos, agus
sna ceangail shóisialta a dhéanann siad le daoine eile. Ón lá a thagann páistí ar
an saol, foghlaimíonn siad trí gheáitsí, iontonú, agus nathanna cainte agus iad
ag déileáil le daoine eile, agus fosta trí bhreathnú ar dhaoine eile agus aithris a
dhéanamh orthu. Tá nasc doshéanta idir teanga agus cultúr, agus de réir an
Ollaimh David Little, i gcás teanga bhaile páiste, is ‘meán réamhshocraithe í dá
féin-íomhá, dá féintuiscint, dá meabhair, dá smaointeoireacht dioscúrsach agus
dá féinsmacht. Dá bharr sin, is í an uirlis chognaíoch í, gurb éigean dóibh a chur
i bhfeidhm i bhfoghlaim fhoirmeálta, agus san áireamh anseo atá máistreacht
ar theanga na scolaíochta ‘ (Little, 2014). I sochaithe ilchultúrtha ilteangacha an
lae inniu, cloiseann páistí, feiceann siad agus úsáideann siad a lán teangacha,
agus i ngach ceann de na teangacha sin tá noda agus luachanna a lán cultúr. I
gcomhthéacs na hÉireann, is iad an Ghaeilge, an Béarla agus ina lán cásanna,
5