LC Language Adventures 2024 (A5) IRISH - Flipbook - Page 17
Eachtraí Teanga: Teangacha agus Cultúir a ghlacadh chugat féin sa bhunscoil
seo a bhunú ar amhrán coitianta atá ar eolas acu, agus is féidir leis na páistí liricí
nua i dteangacha éagsúla a chur leis an gceol.
Noda amhairc a úsáid chun focail ghaolmhara a iniúchadh
Tabhair liosta focal i dteangacha éagsúla do na páistí, focail atá comhchosúil le
focail i nGaeilge/i mBéarla. Iarr orthu na focail a mheaitseáil le híomhánna. Agus
an ghníomhaíocht seo déanta, spreag na páistí cur leis na liostaí ó theangacha
eile atá acu. Mar shampla, focail leithéidí ‘máthair (Gearmáinis: Mutter, Fraincis:
Mère, Spáinnis: Madre, Iodáilis: Madre, Portaingéilis: Mãe, Rúisis: Мать (Mat’),
Liotuáinis: Motina, Béarla: Mother). Nó ‘scoil’ (Fraincis: école, Spáinnis: escuela,
Iodáilis: Scuola, Portaingéilis: Escola, Gearmáinis: Schule, Ísiltíris: School,
Sualainnis: Skola)
Straitéisí foghlama
I bplé leis na páistí, déan taifead ar straitéisí atá úsáidte acu cheana chun focail
nua a láimhseáil nó chun ciall a bhaint as téacs i dteanga nach dtuigeann siad.
Déan liosta de na focail (tarraing é, scríobh é, can é, déan nasc le rud atá ar eolas
acu cheana, agus araile). D’fhéadfadh na páistí póstaeir a dhéanamh leis na
straitéisí orthu le cur ar taispeáint sa rang. Spreag na páistí chun straitéisí nua a
thriail agus chun noda a iarraidh ar chomhscoláirí. Is féidir straitéisí nua a chur
leis an liosta agus iniúchadh a dhéanamh orthu le himeacht ama.
17