LC Language Adventures 2024 (A5) IRISH - Flipbook - Page 14
Eachtraí Teanga: Teangacha agus Cultúir a ghlacadh chugat féin sa bhunscoil
Gníomhaíochtaí tírdhreacha teanga
Iarr ar na páistí teacht ar chomharthaí i dteangacha éagsúla ina bpobail áitiúla
– is féidir teacht ar roinnt díobh ar an idirlíon freisin. Chun plé a spreagadh,
d’fhéadfaí na ceisteanna seo a chur:
Cén fáth a bhfuil na comharthaí seo i dteanga éagsúil? Cén éifeacht a bhaineann
leis? Aistrigh roinnt acu go Gaeilge/Béarla. I measc na samplaí, is féidir na cinn
seo a chur san áireamh: comharthaí i siopa bia, bialanna eitneacha, bóithre agus
mar sin de.
Iniúchadh teanga le hearraí bia
Is féidir earraí bia ina bpacáistíocht a thabhairt chuig an seomra ranga le
haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le teangacha éagsúla agus cultúir
éagsúla. Is féidir na páistí a spreagadh féachaint ar na lipéid, focail ón liosta
comhábhar a aithint, an t-eolas cothaitheach a léamh, agus iad a aistriú go
teangacha eile, agus aistriúcháin na bhfocal a bhaineann leis an earra bia a aistriú
go teangacha breise. Is féidir cluichí meaitseála a chruthú, ina meaitseálann páistí
focail éagsúla leis na leaganacha i dteangacha éagsúla, agus earraí bia éagsúla
in úsáid. D’fhéadfaí tacú leis na páistí a lipéid féin a chruthú dá rogha earra bia.
Is féidir tóraíocht taisce a eagrú leis na páistí, m.sh., d’fhéadfaidís na comhábhair
chuí do mhias traidisiúnta faoi leith a bhailiú ó réimse earraí bia scaipthe thart
ar an seomra ranga.
14