LC Language Adventures 2024 (A5) IRISH - Flipbook - Page 13
Eachtraí Teanga: Teangacha agus Cultúir a ghlacadh chugat féin sa bhunscoil
Leabhráin ar líne agus Leabhráin chlóite
Déan iniúchadh ar shuíomhanna gréasáin de chuid ollmhargaí móra domhanda
i dtíortha faoi leith. Is féidir teacht ar leabhráin ollmhargaí ó thíortha éagsúla go
héasca ar líne. Léiríonn siad roghanna áitiúla agus cosúlachtaí agus difríochtaí
cultúrtha. Tabhair amach roinnt samplaí nach bhfuil i nGaeilge ná i mBéarla.
D’fhéadfadh na páistí focail a bhailiú atá comhchosúil i nGaeilge/ i mBéarla agus
i dteanga ar bith eile. Le haghaidh gníomhaíocht thraschuraclaim matamaitice,
d’fhéadfadh páiste praghsanna a chur i gcomparáid nó praghsanna a shuimiú
le haghaidh an dinnéir is fearr leo, agus mar sin de.
Is féidir le páistí iniúchadh a dhéanamh ar shuíomh gréasáin nó ar leabhrán i
dteanga nach labhraíonn siad. Is féidir úsáid a bhaint as leabhráin a bhaineann
le turasóireacht, nó le bileoga eolais le haghaidh páirc shiamsaíochta, zú agus
mar sin de. Is féidir leat ceisteanna a chur maidir le hamanna oscailte agus dúnta,
dátaí, costais, seoltaí agus mar sin de. Is gníomhaíocht mhaith é seo chun
iniúchadh a dhéanamh ar theanga nach labhraíonn na páistí, trí úsáid a bhaint
as noda ó shuíomhanna gréasáin chomhchosúla, i dteanga atá acu cheana.
Cuireann an ghníomhaíocht forbairt chomhtháite scileanna litearthachta chun
cinn. Seans go nochtfaidh an t-iniúchadh seo roinnt tréithe cultúrtha agus
sóisialta, mar aon le steiréitíopanna a bhaineann le cultúir éagsúla.
13