LC Language Adventures 2024 (A5) IRISH - Flipbook - Page 12
Eachtraí Teanga: Teangacha agus Cultúir a ghlacadh chugat féin sa bhunscoil
na focail le chéile i bhfoclóir ar líne (a bhfuil rogha aige na focail a léamh san
aibítir Laidine freisin) do na páistí.. Bíonn ranganna iontacha ann nuair a
chuardaítear bunús roinnt focal, nó nuair a chuardaítear conas a chuirtear focail
le chéile. I gcás teangacha a úsáideann aibítir éagsúil, mar shampla, is féidir plé
a thosú ar an nasc idir ciall agus carachtair/siombailí/litreacha. Is féidir plé a
dhéanamh freisin ar an mbealach a dtagann na carachtair/siombailí/litreacha le
chéile chun focail eile a chruthú – osclaíonn sé seo an intinn ar choincheapa,
mar a thuigimid iad agus an tslí a múnlaíonn sé seo an smaointeoireacht. I
Seapáinis, úsáideann an focal ‘buachaill’ an tsiombail a sheasann do ‘gort ríse’
agus an tsiombail a sheasann do ‘neart’. I bhFraincis (agus i dteangacha eile a
thagann ón Laidin), tagann an focal ‘copain’ (cara, stócach) ó ‘an duine a
roinneann tú arán (pain) leis/léi (co-).’ I gcultúir éagsúla, tagann focail, a bhfuil
an chiall chéanna acu, ó chomhthéacsanna éagsúla. Mar shampla, tugtar ‘tube’
ar chineál iompair mar gheall ar a chruth, ‘faoi thalamh’ mar gurb í sin an áit a
bhfuil sé, ‘métro’ (i bhFraincis, mar ghiorrúchán ar ‘Chemin de fer métropolitain’)
mar go ngluaiseann sé taobh istigh de bhaile.
Fiafraigh de na páistí ar mhaith leo a leabhair ilteangacha féin a dhéanamh, agus
teangacha uile an ranga in úsáid.
12