LC Language Adventures 2024 (A5) IRISH - Flipbook - Page 11
Eachtraí Teanga: Teangacha agus Cultúir a ghlacadh chugat féin sa bhunscoil
am céanna, nuair a dhéanann páistí iniúchadh air seo, agus nuair a dhéanann
siad machnamh ar ghnéithe a thacaíonn lena bhfoghlaim teanga, ní hamháin
go n-éiríonn siad feasach ar na straitéisí is féidir a úsáid chun ciall a bhaint as
focail agus as téacsanna nua, ach tagann forbairt ar a muinín triail a bhaint as
nó dul sa tseans leis. Sa tslí sin, éiríonn siad níos fearr mar fhoghlaimeoirí
gníomhacha, neamhspleácha.
Tagairtí
• Beacco, J-C., Byram, M., Cavalli, M., Coste, D., Egli Cuenat, M., Goullier, F., Panthier,
J. (2016) 'Guide for the development and implementation of curricula for
plurilingual and intercultural education', Council of Europe.
2.3 Smaointe don chur i bhfeidhm praiticiúil
Scéalta pictiúr
Úsáid leabhar simplí pictiúr i dteanga eile. Tá leabhair shimplí pictiúr ar fáil ar
roinnt suíomhanna gréasáin, leithéidí Storybird - Read, write, discover, and share
the books you'll always remember. Scar an téacs ó na pictiúir agus iarr ar na páistí
iad a mheaitseáil. Seans go gcuardóidh páistí focail ghaolmhara, focail atá cosúil
le focail i dteangacha eile atá ar eolas acu, ach, seans go n-aithneoidh siad an
cineál téacs, agus mar sin, beidh siad ag súil le hábhar a d’fhéadfadh a bheith
ann agus faoina struchtúr ginearálta; d’fhéadfaidís súil thapa a chaitheamh ar
an téacs chun teacht ar fhocail a aithníonn siad; seans go bhféachfaidh siad ar
phatrún na n-abairtí agus go n-úsáidfidh siad a gciall nó a n-eolas ar an domhan
chun tomhais chiallmhara (ainmfhocal + briathar) a dhéanamh, seans go léifidh
siad an téacs os ard, nó go mbrisfidh siad na focail suas.
Leabhair dhátheangacha/ilteangacha
Roghnaigh leabhar (clóite) atá ar fáil ina lán teangacha (m.sh., An Garbhán,
Tomhais Méid Mo Ghrá Duit). Cuir an leabhar i láthair ar dtús sa phríomhsprioctheanga (is féidir físeán a úsáid: https://www.youtube.com/watch?v=X_EMiZNguo , https://youtu.be/7tDBxFKZnZ8 ). Taispeáin leaganacha éagsúla den
leabhar céanna i dteangacha éagsúla (ar fáil ar líne freisin). Féach ar na
heochairfhocail chéanna sna teangacha éagsúla (m.sh., starrfhiacla, greim, fiacla,
glúine). Iarr ar na páistí na focail a fhuaimniú ina dteanga bhaile, nó cuardaigh
11