LC Language Adventures 2024 (A5) IRISH - Flipbook - Page 10
Eachtraí Teanga: Teangacha agus Cultúir a ghlacadh chugat féin sa bhunscoil
Roinn 2
Cleachtas ranga
2.1 Machnamh
Chun machnamh éifeachtach a dhéanamh ar do chomhthéacs scoile féin, seans
go mbeidh sé úsáideach smaoineamh ar na nithe thíos...
• Smaoinigh faoi na straitéisí foghlama atá úsáidte agat agus tú ag foghlaim
teangacha, agus faoi conas a chuidíonn siad leat nó a chuidigh siad leat roimhe
seo.
• De réir do chuid páistí, cé na cineálacha straitéisí foghlama a oibríonn dóibh?
• Conas a fhorbraítear litearthacht agus scileanna foghlama teanga trí na
gníomhaíochtaí sin?
• Cad iad na bealaí inar féidir leat teangacha a nascadh le chéile agus le hábhair
eile curaclaim agus tú ag teagasc?
• An bhfeiceann tú naisc le gníomhaíochtaí agus le cleachtais a úsáideann tú
cheana féin mar chuid de do theagasc?
2.2 Réasúnaíocht agus oideolaíochtaí taca
An méid is féidir le páistí a dhéanamh sna teangacha a labhraíonn siad, agus an
tslí ar fhoghlaim siad, aistríonn sé sin ó theanga amháin go teangacha eile. Mar
sin, cuideoidh sé go mór lena dtuiscint ar theangacha nua agus cuirfidh sé leis
an bpróiseas foghlama, má tá siad feasach ar an eolas, ar na straitéisí agus ar na
scileanna a bhfuil máistreacht acu orthu i dteanga amháin nó níos mó. Ba chóir
gach deis a thapú chun páistí a spreagadh chun úsáid a bhaint as réamheolas
agus ábaltachtaí a fuair siad i dteangacha a múineadh dóibh nó atá acu, chun
(i) béim a chur ar na pointí comónta idir na teangacha, (ii) cuidiú leo tuiscint a
bheith acu ar an tslí a n-oibríonn teangacha, agus (iii) a stór focail ilteangacha a
fhorbairt ar an mbealach is fearr.
Nuair a fhorbraíonn páistí feasacht teanga, ní hamháin go gcuireann sí
éagsúlacht teangacha ina láthair, ach tacaíonn sé le foghlaim teangacha trí shaol
scoile iomlán na bpáistí, agus tacaíonn sé lena bhforbairt litearthachta. Ag an
10