Languages Connect Teachers Guidelines Irish - Flipbook - Page 10
Treoirlínte an Mhúinteora
Achoimre ar an topaic
Tá an tasc seo dírithe ar scoláirí na sraithe sinsearaí, mar chuid den chlár
gairmthreorach. An aidhm atá leis an tasc seo ná tuiscint a fhorbairt i measc
na scoláirí maidir le tábhacht teangacha san ionad oibre. Chomh maith leis sin,
spreagann sé iad teangacha iasachta a fhoghlaim.
Cur síos ar an tasc
Tríd an tasc seo a dhéanamh, gheobhaidh na scoláirí eolas ar an tábhacht
a bhaineann le san ionad oibre, agus déanfaidh siad machnamh ar a gcuid
scileanna teanga don todhchaí.
Tá an tasc seo leagtha amach go solúbtha. Is féidir é a dhéanamh i rang amháin
nó thar chúpla rang. Tugtar an t-am a mheastar leis an tasc ar lch. 2.
Torthaí Foghlama
1
•
Gheobhaidh na scoláirí eolas maidir le tábhacht teangacha san ionad oibre.
•
Déanfaidh na scoláirí machnamh ar an gcumas teangacha a labhairt, mar
scil a bhaineann le gach rogha ghairme.
•
Déanfaidh na scoláirí pearsantú ar an eolas seo, cuirfidh siad i bhfeidhm ina
gcuid taighde é, agus déanfaidh siad cur i láthair ag deireadh an taisc.