ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 9
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Aithne a Chur Ort
Ceisteanna
Daoine bodhra agus TCÉ – Cultúr na mBodhar:
Ar bhuail tú le duine bodhar/daoine bodhra roimhe seo?
Cad iad gnásanna chultúr na mBodhar? (cuir san áireamh féachaint sa tsúil, lámh a leagan ar dhuine, lámh a chroitheadh, an
ghualainn a bhuaileadh go héadrom, cos a ghreadadh ar an urlár, soilse a chur ar siúl agus a mhúchadh chun aird duine a náil
(uaireanta).
Conas a chuirfeá tú féin in aithne do dhuine bodhar?
Conas a gheofá aird duine bodhar?
Gníomhaíochtaí molta:
Sula dtosaímid:
• Cuireann an t-oide é/í féin in aithne do na páistí (is féidir puipéad nó carachtar
Cuir tú féin in aithne i
eile a úsáid, a chuireann iad féin in aithne freisin, agus/nó cuir daoine fásta eile
dteangacha éagsúla,
sa seomra ranga san áireamh)
más féidir
• Cluichí a thógann ar stór focal, iad bunaithe ar bheannaithe bunúsacha + 8Mo
ainm…X9
• Déan cleachtadh ar 8beannú + 8Mo ainm…X9, le páirtithe ranga. Is féidir é sin a dhéanamh i mbeirteanna / ngrúpaí nó trí
chluiche ciorcail a imirt, áit a gcaitear liathróid nó teidí thart, agus cibé duine a bheireann air, comharthaíonn an duine sin
beannú agus cuireann sé/sí é/í féin in aithne. Cuir i gcuimhne dóibh féachaint sa tsúil ar dhaoine eile: féachann gach duine ar
an duine a chomharthaíonn beannú
• Cuireann an t-oide mothúcháin bhunúsacha in iúl (le puipéad/emoji/pictiúir/gotha gnúise agus / nó comharthaíocht choirp)
• Gníomhaíochtaí leis an stór focal nua (meaitseáil, an ceann corr, fíor/bréagach, sórtáil)
• Gníomhaíochtaí eile:
- Léiríonn an t-oide mothúcháin éagsúla le comharthaíocht choirp, nó trí chárta a thaispeáint, agus cuireann na páistí lámha
suas agus comharthaíonn siad focal
- Tarraingíonn páistí emoji bunaithe ar na focail a thaispeánann/chomharthaíonn an t-oide
• Insíonn an t-oide don rang conas a mhothaíonn sé/sí anois, agus cuireann sé/sí ceist ar na páistí
conas atá siadsan
Sula gcríochnaímid:
Dá gcuirfeadh duine é/í féin
• Tugann an t-oide amach cárta rólimeartha (ainm + mothúchán) agus iarrann ar pháistí
rólimirt a dhéanamh.
in aithne i TCÉ, an dóigh
leat go dtuigfeá?
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag
9