ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 5
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Mo Phortráid Teanga
Féach
leathanaigh
3-4
Achoimre:
Na teangacha a úsáidimid, a chloisimid agus a neicimid thart orainn téann siad i bhfeidhm orainn. Déanann gach
duine againn naisc éagsúla leis na teangacha inár saol, úsáidimid i gcásanna éagsúla iad, agus tugaimid luach éagsúil
orthu. Céim thábhachtach chun cuimsithe é an éagsúlacht teanga seo a thuiscint.
Intinní foghlama:
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh ar chumas páistí…
• fáil amach cé na teangacha a úsáidtear ina scoil agus ina bpobal
• a thuiscint an tslí a bhfuil teangacha éagsúla tábhachtach do dhaoine éagsúla
• léiriú agus míniú a dhéanamh ar an tábhacht, a bhaineann leis na teangacha a úsáideann siad, dóibh féin
• foghlaim conas comharthaíocht a dhéanamh ar ainmneacha na dteangacha a labhraítear sa rang
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Réimsí agus Ábhair
Snáitheanna
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Mé Féin
Mé Féin agus Daoine eile
Mé Féin agus an Domhan
Oideachas Ealaíon – na hAmharc-Ealaíona
Líníocht
Péint agus dathanna
Ceisteanna
Cultúr na mBodhar agus TCÉ:
An dóigh leat gurb ionann na teangacha comharthaíochta uile ar fud an domhain?
An dóigh leat gurb ionann aibítre na dteangacha comharthaíochta ó gach cearn den domhan?
Cén uair a neiceann tú teanga chomharthaíochta in úsáid in Éirinn? Cén áit?
Cad is ateangaire teanga chomharthaíochta ann?
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag
5