ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 4
Treoir do na rannóga i ngach plean
Tá an téama lárnach sa phríomhtheideal.
Cuireann an Réamhrá an plean i láthair, trí nasc a dhéanamh le haidhmeanna agus réasúnaíocht an
mhodúil.
Déanann na hIntinní Foghlama cur síos ar na torthaí foghlama ba chóir do na páistí a léiriú i ndiaidh
dóibh dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí éagsúla.
Léiríonn na Naisc le Curaclam na Bunscoile féidearthachtaí le haghaidh deiseanna traschuraclaim agus
idirnascadh le réimsí, ábhair agus snáitheanna eile de Churaclam na Bunscoile. D9oidí nach bhfuil cur
amach acu ar Churaclam na Bunscoile, beidh sé úsáideach nascadh leis na múinteoirí bunscoile óstacha,
chun an Curaclam a iniúchadh. Ar an lámh eile, seans go smaoineoidh múinteoirí bunscoile ar na
gníomhaíochtaí a leathnú amach a thuilleadh trí cheangal le réimsí curaclaim nach bhfuil liostaithe
anseo.
I roinnt de na pleananna, cuirtear Ceisteanna agus stór focal molta san áireamh. Treoir atá anseo agus
léiríonn sé an t-ábhar atá sa Phas Teanga. Chuir muid eolas san áireamh ar chultúr na mBodhar agus
roinnt moltaí chun é a iniúchadh leis na páistí. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis seo chun an chéad
aidhm den Mhodúl Samplach a bhaint amach.
Tugann an dá rannóg 8Sula dtosaímid agus Sula gcríochnaímid deiseanna machnaimh do na páistí agus
don rang, roimh shraith gníomhaíochtaí agus ina ndiaidh. Mar aon leis an bPas Teanga, bíonn siad leis
na páistí ar a n-aistear i dtreo cumas níos fearr ar chumarsáid, ar fheasacht teanga, ar fheasacht chultúr
na mBodhar agus ar thuiscint ar a gcuid straitéisí foghlama féin.
Ní liosta iomlán iad na Gníomhaíochtaí molta, mar atá cur síos déanta orthu thuas. Is treoir iad chun
tacú le múinteoirí agus chun roinnt moltaí a chur ar fáil.
Tá íocón an Phas Teanga ina mheabhrú amhairc de na leathanaigh ábhartha a d9fhéadfadh múinteoirí
iarraidh ar na páistí féachaint orthu, iad a líonadh isteach agus machnamh a dhéanamh orthu i rith an
ranga nó ina dhiaidh.
Maidir leis an dá rannóg Rudaí ar éirigh go maith leo... agus Bheadh siad níos fearr dá..., is deis iad seo
do mhúinteoirí a gcuid tuairimí a scríobh ar ghnéithe éagsúla de na ceachtanna, ina measc: bainistíocht
ama agus ranga, spreagadh agus rannpháirtíocht páistí; rath na bpáistí maidir leis na hintinní foghlama;
torthaí traschuraclaim agus iad siúd a bhaineann le TCÉ; conas éifeachtacht an ranga nó éifeachtacht
gníomhaíochtaí faoi leith a fheabhsú; smaointe breise chun intinní foghlama a bhaint amach níos fearr;
agus go ginearálta, gach rud is oú a bhreacadh síos mar eolas duit féin sa todhchaí agus chun tacú le
comhghleacaithe.
Tá súil againn go mbeidh na smaointe seo úsáideach daoibh, agus thar aon ní eile, go mbainodh na
páistí sult as spraoi a bheith acu agus iad ag dul i ngleic le Teanga Chomharthaíocht na hÉireann.
An Fhoireann Bhunscoile ag PPLI
4